Scipeáil chuig ábhar

Taispeántas sealadach (Osclaíonn sé 24 Samhain)

Stiúideo & Stát

Saorchead Isteach

Sa taispeántas seo tá pictiúir an Uasail Lavery de shínitheoirí an Chonartha ó Ghailearaí Hugh Lane in aice le déantáin chomhaimseartha na linne ó bhailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann á dtaispeáint don chéad uair. I measc ábhair an mhúsaeim tá an peann tobair a d’úsáid Mícheál Ó Coileáin de réir cosúlachta chun doiciméad bunaidh an Chonartha agus bileoga bolscaireachta a shíniú. 
Fiosraíonn Stiúideo & Stát imeachtaí idir Iúil 1921, nuair a comhaontaíodh an Sos Cogaidh i mBaile Átha Cliath, agus Eanáir 1922, nuair a daingníodh An Conradh Angla-Éireannach de bheagán i nDáil Éireann. Déanann sé machnamh ar an ról a bhí ag John agus Hazel Lavery le linn caibidlíocht an Chonartha agus conas a phléigh siad leis na caidrimh chasta idir ealaín, polaitíocht agus stair. Shuigh sínitheoirí an Chonartha ón dá thaobh do Lavery le linn na caibidlíochta agus ba áit chruinnithe neamhfhoirmiúil é a stiúideo i Londain, ina raibh ról mór le rá ag Hazel Lavery. Ghlac John Lavery le ról an ealaíontóra-taidhleora agus d’fhéach sé ar an stiúideo mar “thalamh neodrach”.
 
Ba chor cinniúnach d’Éirinn san fhichiú haois an chaibidlíocht agus síniú an Chonartha. Feithicil síochána ab ea an Conradh chomh maith le catalaíoch do chogadh cathartha. Soláthraíonn pictiúir an Uasail John Lavery taifead thar na bearta den uain chinniúnach seo.

Déanann catalóg taispeántais saincheaptha le haistí ó staraithe, staraithe ealaíne agus ealaíontóirí iniúchadh breise ar imeachtaí stairiúla an ama seo agus ar ról na Laverys i gcaibidlíocht an Chonartha. Beidh sé ar díol ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin agus ar ár siopa ar líne.

 

Exhibition Partner


 

Suíomh:


Stiúideo & Stát suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4



Is taispeántas comh-choimeádaithe ag Gailearaí Hugh Lane agus Ard-Mhúsaem na hÉireann é Stiúideo & Stát: Na Laverys agus an Comhaontú Angla-Éireannach. Is comóradh céad bliain é ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannach i mí na Nollag 1921. 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444