Scipeáil chuig ábhar

Aibreán 2021

Martin O'Meara: Crois Victoria

Saorchead isteach

Bronnadh Crois Victoria ar Martin O'Meara as iompar cróga i ndálaí man's land during WWI

Is é Martin O’Meara an t-aon Éireannach a chuir faoi san Astráil agus ar bronnadh Cros Victoria air sa Chéad Chogadh Domhanda.


An 6 Samhain 1885 a saolaíodh é i bparóiste Lothra, Co. Thiobraid Árann, Éire. Chuaigh sé ar imirce go dtí an Astráil i 1911 mar ar chuir sé faoi in Iarthar na hAstráile. Is ann a liostáil sé i bhFórsa Impiriúil na hAstráile in Perth ar an 19 Lúnasa 1915. D’fhág sé an Astráil le 12ú Trúpaí Breise an 16ú Cathláin i mí na Nollag 1915. Go luath i 1916, shroich O’Meara an Cathlán san Éigipt agus an Cathlán tar éis éis aslonnú as Gallipoli. Tar éis dul faoi oiliúint ansin, bhog an Cathlán go dtí an Fronta Thiar sa Fhrainc.

Idir an 9 agus an 12 Lúnasa, rinne an 16ú Cathlán ionsaí ar shuíomh na nGearmánach ag Feirm Mouquet láimh le Pozières. D’iompair O’Meara, scabhta de chuid Arm na hAstráile, é féin sna laethanta sin ar shlí a thug ar oifigeach amháin a rá ina thaobh: ‘an saighdiúir is lú eagla agus is cróga dá bhfaca mé riamh.” Dúradh faoi gur thug sé níos mó ná cúigear is fiche d’fhir ghonta slán trí iad a iompar isteach ó láthair an áir ‘i ndálaí ar deacair cur síos orthu’. Uaireanta eile, thug sé soláthar gránáidí, lón cogaidh agus bia, a raibh géarghá leo, aníos as a stuaim féin. Bronnadh Cros Victoria ar O’Meara as an ngaisce seo.

Ba thrua é ach bhuail cliseadh néarógach de shórt éigin an fhear bocht idir 8 agus 13 Samhain 1918, ar fhilleadh ar an Astráil dó i 1918. In éagmais na dtaifead, is deacair a dhéanamh amach cad go díreach a tharla.

Cuireadh isteach in institiúid é agus dúradh go raibh ‘gealtacht sheachránach’ air. Níor fhág O’Meara an institiúid riamh agus cailleadh é in aois a 50 ar an 6 Samhain 1935. Ina uacht d’fhág sé a Chrois Victoria faoi chúram Chumann an 16ú Cathláin, agus d’fhág siadsan an bonn ina dhiaidh sin do Mhúsaem Arm na hAstráile in Iarthar na hAstráile, mar a bhfuil sé ar taispeáint i gcónaí.

Is dócha gurb é an iasacht seo d’Ard-Mhúsaem na hÉireann an dara huair a tháinig an bonn seo go hÉirinn.  Tar éis a bhonn a fháil ón Rí Seoirse V, thug O’Meara cuairt ar Éirinn i nDeireadh Fómhair 1917.  Is dóchúla ná a mhalairt gur thug sé a bhonn leis nuair a thug sé cuairt ar a theaghlach i dTiobraid Árann, 102 bliain ó shin.

Is é an iasacht seo an chéad uair a cheadaigh Rialtas na hAstráile Cros Victoria a thabhairt amach as an tír. Go dtí go ndearnadh athruithe reachtacha ar Protection of Moveable Cultural Heritage Act 1986 na hAstráile, níorbh fhéidir Cros Victoria a thabhairt amach as an tír ar chúis ar bith ar chor ar bith. Tar éis an tAcht a leasú in 2018, bhíothas in ann Cros Victoria an tSáirsint O’Meara a thabhairt ar iasacht.

Comóirtear saol O’Meara san Astráil agus in Éirinn araon. In Éirinn comóirtear é ar phlaic chré-umha in Eaglais Chaitliceach Lothra agus i Meitheamh 2013 nocht Cumann Forbartha Lothra cloch chuimhneacháin.

 

Suíomh:


Martin O'Meara: Crois Victoria suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Den chéad uair ar domhan, thug Rialtas na hAstráil Crois Victoria, atá faoi úinéireacht aige, ar iasacht d'Ard-Mhúsaem na hÉireann.

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444