Scipeáil chuig ábhar

An Creideamh Proinsiasach: An Ealaín Naofa in Éirinn 1600 - 1750

Saorchead Isteach

Osclaíodh an taispeántas seo an uair go raibh cothrom 400 bliain de bhunú choláiste na bProinsiasach ag Lováin in Ísiltír na Spáinne (an Bheilg anois) i 1607 á chomóradh. Tá ábhair reiligiúnach airgid agus ábhar eile ann ó thithe éagsúla de gcuid na bProinsiasach, agus iad ar taispeáint le chéile den chéad uair. Go deimhin, cuid de na píosaí, níor cuireadh ar taispeáint go poiblí riamh roimhe seo iad.

Tugtar aird agus suntas sa taispeántas d'obair Ord na bProinsiasach in Éirinn sa taispeántas seo, ina rianaítear sair an Oird agus a dtithe le linn thréimhse chorrach an 17ú haois agus le linn Phéindlíthe an 18ú haois. , .

Trí mheán earraí airgid reiligiúnacha, cailísí, oisteansóirí, crosa mórshiúlacha agus míreanna reiligiúnacha eile a dhéantar é seo, míreann ar tugadh cosaint agus ómós dóibh le linn na n-athruithe agus na héiginnteachta a bhí i réim sa tréimhse sin. Ceann de na taispeántáin is luaithe agus is tábhachtaí is ea an  chros mhórshiúlach, c.1500 AD, ó Mhuilte Farannáin i gContae na hIarmhaí, ceann de na mainistreacha Proinsiasacha ba thábhachtaí.

 

 

Suíomh:


An Creideamh Proinsiasach: An Ealaín Naofa in Éirinn 1600 - 1750 suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Faigh amach faoi stair na nOrd Prionsiasach sa 17ú hAois agus san 18ú hAois in Éirinn

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444