Bealtaine 2020
Alison Lowry: An Fhírinne a Bhí Ceilte
Saorchead isteach
Is beag ealaíontóir eile san Eoraip a ghabhann don obair chéanna agus atá idir lámha ag Alison Lowry ina tráchtaireacht trí mheán na gloine ar thopaicí míshuaimhneacha ar nós mí-úsáid leanaí agus foréigean teaghlaigh.
Tá obair den sórt céanna idir lámha ag ealaíontóirí eile i meáin eile, go háirithe sa phéintéireacht, ach níl aon ealaíontóir gloine eile ann a shíneann méar chomh héifeachtach céanna ar thorthaí polaitiúla, sóisialta agus mothúchánacha na gcineálacha imeachtaí atá roghnaithe ag Alison Lowry.
Ceithre chuid atá sa taispeántas seo de shaothar Alison Lowry - suiteáil d’éadaí baiste pâte de verre gaineamhtheilgthe ar crochadh, saothair dealbhóireachta ar théama na Neachtlann Maigdiléana, píosa físeáin a rinne an taibhealaíontóir Jayne Charry agus culaith chatha déanta as gloine agus leathair a cruthaíodh i gcomhar leis an dearthóir Úna Burke, a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi.
Suíomh:
Alison Lowry: An Fhírinne a Bhí Ceilte suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4
Freagairt an ealaíontóra Alison Lowry ar oidhreacht na n-áras máithreacha agus leanaí agus na neachtlanna Maigdiléana.
Ealaíona Maisiúla & Stair
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4
+353 1 677 7444