Scipeáil chuig ábhar

Onsight 24/25: Silent Objects/Spoken Lives

Butterprint from the Irish Folklife Collection. NMI Collections F:1945.46

Roghnaíodh na filí Geraldine Mitchell, Martina Evans agus Sean Borodale le haghaidh coimisiún mar chuid de Onsight 24/25: Silent Objects/Spoken Lives.

Tionscnamh comhpháirteach is ea an tionscadal arna dhéanamh ag Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Éigse Éireann.

Beidh na filí coimisiúnaithe gafa leis na déantáin i mBailiúchán Shaol na Tuaithe in Éirinn ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh. Treoraítear an t-eispéireas a bhaineann le cuairt a thabhairt ar mhúsaem trí theanga go minic. Leis an gcatalógú agus leis an gcur síos ar réada, tugtar eolas do phainéil agus lipéid na dtaispeántas agus dá réir sin, cuirtear gnéithe faoi na réada atá ar taispeáint in iúl. Tríd an bhfilíocht a úsáid, déanfaidh na filí iniúchadh ar conas is féidir gnéithe carachtair agus comhthéacs déantáin a nochtadh, rudaí a chailltear corruair nuair a chuirtear ar taispeáint iad.
 
Féachtar leis an tionscadal le hiniúchadh a dhéanamh freisin ar conas is féidir le húsáid teanga eispéireas an chuairteora lagamhairc a fheabhsú. Is féidir é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as Téacs Alt (nó rogha eile), línte gairide téacs a chuireann síos ar dhéantáin. Le saothar na bhfilí sin freisin, féachfar le cáilíochtaí tadhlacha na réad a bheidh ar taispeáint a tharraingt amach, tréithe a bhíonn bainte go minic ó eispéireas an chuairteora. 
Tá Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Ard-Mhúsaem na hÉireann ag súil go mór le fáilte a chur roimh na filí coimisiúnaithe chuig an Músaem chun na bailiúcháin a iniúchadh agus taighde a dhéanamh orthu, bheith páirteach leis an bpobal áitiúil, agus saothair a chruthú lena dtaispeáint san Ard-Mhúsaem i bPáirc Thurlaigh. 
 
Tionscnamh seanbhunaithe is ea Onsight idir Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Ard-Mhúsaem na hÉireann. Déantar ealaíontóirí a choimisiúnú thar réimse meán leis chun saothair ealaíne agus suiteálacha suíomhoiriúnaithe atá spreagtar ag Bailiúchán Shaol na Tuaithe nó a léiríonn Bhailiúchán Shaol na Tuaithe a chruthú.
 
Tugann Comhairle Ealaíon na hÉireann, Éigse Éireann agus Mayo Artsquad tacaíocht do chlár 2024/2025.


Eolas faoi na filí

Geraldine Mitchell

Rugadh Geraldine Mitchell i mBaile Átha Cliath agus is file agus scríbhneoir í a scríobh cúig chnuasach filíochta. Is é Naming Love (Arlen House, 2024) an ceann is déanaí uaithi. Tá cónaí uirthi ar chósta Mhaigh Eo, in áit nach bhfuil rófhada ó Chluain Cearbán. Bhuaigh Geraldine Gradam Filíochta Patrick Kavanagh in 2008 agus tá a cuid filíochta foilsithe go forleathan agus tiomsaithe. Tá dhá úrscéal scríofa aici freisin do léitheoirí óga agus scríobh sí Deeds Not Words (Town House 1997), beathaisnéis Muriel Gahan (1897-1995), a bhí ina cosantóir do mhná na tuaithe agus do cheardaíocht thraidisiúnta na hÉireann.
Ag labhairt di faoin tionscadal, dúirt Geraldine:

Feicim an tionscadal seo mar bealach an-samhlaíoch chun na seoda i mBailiúchán Shaol na Tuaithe de chuid an Ard-Mhúsaeim, a bhíonn ceilte go minic, a chur i láthair don phobal i gcoitinne, go háirithe do dhaoine ar a bhfuil lagú radhairc nó lagú céadfach eile. Is spreagúil an dúshlán agus an deis, trí fhocail, tús áite a thabhairt do na céadfaí seachas go físiúil – teagmháil, blas, éisteacht, boladh - chun bunbhrí agus áilleacht na réad déanta a chur in iúl.


Martina Evans

Rugadh Martina Evans i gCorcaigh agus tá cónaí uirthi i Londain. Is údar 13 leabhar filíochta agus próis í. Cuireadh a laoi is déanaí, The Coming Thing (Carcanet 2023) ar an ngearrliosta do Dhuais Filíochta Derek Walcott. Is léirmheastóir filíochta í do The Irish Times agus tá sí ina Comhalta de Chumann Ríoga na Litríochta.

Ag labhairt di faoin tionscadal, dúirt Martina:

Is mór an phribhléid dom é gur roghnaíodh mé don choimisiún seo, a thugann an t-am agus an deis dom bheith gafa go hiomlán leis an réimse flúirseach déantán i músaem Shaol na Tuaithe. Tá súil agam draíocht stóráilte na réad sin a aistriú go dánta beo, rud a chuirfidh le heispéireas ionadach na léitheoirí ar an am atá thart, rud a scaoilfidh tuiscint dhinimiciúil ar shaol na ndaoine a d’oibrigh leo.”


Sean Borodale

 Oibríonn Sean Borodale mar scríbhneoir, file agus ealaíontóir. Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aige le Jonathan Cape. Cuireadh a chéadligean,Bee Journal, ar an ngearrliosta do dhuais TS Eliot agus do Ghradaim Costa Books agus roghnaíodh é mar fhile amháin as fiche d’Filí na Chéad Ghlúin Eile de chuid Chumann Leabhar Filíochta na Ríochta Aontaithe. Bhuaigh ‘Mighty Beast’, dán cláir faisnéise do BBC Radio 3 faoi mhargaí eallaigh, Gradam Óir Acadamh Raidió don Ghné nó don Chlár Faisnéise is Fearr. Bhí sé mar Chomhalta Ealaíon an Tuaiscirt ag Wordsworth Trust, bhí sé ina Chomhalta Cuairte Oscar Wilde i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhí sé ina Scríbhneoir Cónaithe tionscnaimh ag Ospidéal Ollscoile Portiuncula. Tá cónaí air i Sligeach.

Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt Seán:

Táim ag súil le heolas a fháil faoi cuid de na déantáin i mbailiúchán Shaol na Tuaithe, le comharthaí a ndéanta, a n-úsáide agus idir amanna a chuardach, le héisteacht le cad a bhí ábhartha thart orthu in aimsir ghearr a muintire, nuair a bhí cuideachta acu. Tá lúcháir orm go bhfuil an deis seo agam anois cur le huigeacht léirmhíniú an mhúsaeim, agus a bheith mar chuid de shaol an mhúsaeim ar feadh seala.”


An saothar a cruthaíodh le haghaidh Onsight 24/25: Beidh Silent Objects/Spoken Lives ar taispeáint ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, do Lá Náisiúnta na Filíochta i mí Aibreáin 2025.
 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755