Scipeáil chuig ábhar

Ealaíontóir Cónaithe: ‘Tithíocht don Phobal’

Anthony Haughey, artist-in-residence, and artists Caleb Daly and Luke Ryan; at the launch of 'Housing for the People', a new artwork. Image: John Mee Photography

Beidh taispeántas sealadach nua a cruthaíodh i gcomhar le grúpaí pobail agus atá spreagtha ag gluaiseacht Chonradh na Talún sa 19ú haois ar taispeáint ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh.

Meirge comhaimseartha is ea ‘Tithíocht don Phobal’ a dhear na healaíontóirí Caleb Daly agus Luke Ryan i gcomhar le Anthony Haughey agus Ballina Textiles Group.

Cruthaíodh é mar chuid de chónaitheacht chomhoibritheach phobalghníomhach Anthony Haughey ag Ard-Mhúsaem na hÉireann don chlár Deich mBliana na gCuimhneachán.
 
Tá sé spreagtha ag meirge de chuid Chonradh na Talún ó Chuilleann, Co. Thiobraid Árainn atá ar taispeáint bhuan in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe.
 
Le linn a chónaitheachta, d'oibrigh an tUasal Haughey le níos mó ná 500 rannpháirtí ó phobail ó gach cearn d’Éirinn, ó 2021 go 2024. Tá ‘Tithíocht don Phobal’ ar cheann d’aschuir na cónaitheachta sin mar aon leis an mórthaispeántas nua ‘is muid údair ár scéalta féin’, a bheidh ar siúl go dtí mí an Mheithimh 2024 ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7.
 
Ar an meirge ‘Tithíocht don Phobal’ ag Páirc Thurlaigh feictear íomhá lárnach de La Liberté Guidant le People (1830) le Eugène Delacroix, saothar ealaíne a shamhlaítear le ceartas do gach duine imeallaithe.
 
Tá portráid de Michael Davitt ann freisin, comhbhunaitheoir Chonradh Talún na hÉireann ón tSráid i gCo. Mhaigh Eo, agus tá portráid ann den ghníomhaí sóisialta agus ionadaí do dhaoine gan dídean, an tAth. Peter McVerry.



Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755