Buantaispeántas
An Timpeallacht Nádúrtha
Saorchead isteach
Foghlaim faoi Éirinn i 1850, nuair a bhí formhór na ndaoine beo ar an bhfeirmeoireacht. Bhain an talamh le buíon beag úinéirí talún gustalach, a thug ar léas é dá dtionóntaí. Ba é ceist úinéireacht na talún an cheist ba phráinní i saol polaitiúil na hÉireann idir 1870 agus blianta luath na fichiú haoise, nuair a d’éirigh le formhór na bhfeirmeoirí tionónta úinéireacht a fháil ar a ngabháltais féin.
An talamh agus na hacmhainní
Féach an tionchar a bhí ag torthúlacht na talún ar chaighdeán na beatha d’fhormhór mhuintir na hÉireann. Bhí acmhainní luachmhara i gceantair áirithe, m.sh. talamh méith draenáilte agus portach ina bhféadfai móin a bhaint mar bhreosla. I gceantair eile bhí an talamh lán carraigeacha agus an ithir bocht.
Ábhair nádúrtha tógála
Taispeántar anseo an tslí ar bhraith feirmeoirí ar sholáthar cloch, fod móna nó créfóige chun a gcuid tithe a thógáil. Is minic a chlúdaítí ballaí le haoldhath a dhéantaí as aol nó sliogáin.
Ba é an rogha ábhair a bhí ar fáil an rud ba thábhachtaí i gcás caighdeán agus cruth na dtithe tuí. Mhair an tuí chruithneachta agus an tuí sheagail blianta fada; chuaigh daoine leis an tuí chruithneachta de bhrí gurbh é ba ghlaine, ba chothroime ó thaobh faid agus ba éasca a ullmhú. Mura raibh tuí chruithneachta nó tuí sheagail ar fáil, théití i muinín tuí coirce, tuí eorna, feadáin, luachra, líon nó muiríneachd.
Tuí - Ábhar nádúrtha a bhí flúirseach i ngach áit, nach mór
Féach ar na slite éagsúla inar bhain daoine leas as ábhair nádúrtha ina gceantair féin chun uirlisí laethúla a dhéanamh. Sin an fáth a dhéantaí rudaí den chineál céanna as ábhair dhifriúla in áiteanna éagsúla faoin tír. Bhí an tuí saor go leor agus flúirseach agus mar sin is as a rinneadh mórchuid rudaí a bhí in úsáid gach lá.
Is léir a ildánaí a bhí an tuí nuair a fhéachtar ar na tochtanna, ciseáin, stólta, coiléir do chapaill agus neadacha circe a rinneadh as. Bhí an tuí éadrom, solúbtha agus láidir agus d’fhéadfadh an ceardaí é a chur in oiriúint don rud a bhí á dhéanamh aige. Mar shampla, d’úsáid an ceardaí a rinne an stól an neart sna píosaí tuí nuair a chuirtear le chéile iad, agus ba é an t-insliú a thug snáithíní an tuí a ba thábhachtaí nuair a bhí nead circe á dhéanamh.
Ar an tuilemhá ar bhruach an tSuca i gCo. Ros Comáin, bhaintí úsáid as bogshifín, sínte agus ceangailte timpeall fráma adhmaid chun rafta a dhéanamh ar a bhféadfaí dul ag iascaireacht agus ag seilg éan. Tá rafta den sórt seo le feiceáil ar taispeáint; is léiriú é ar an tslí ar bhain daoine leas as na hábhair a bhí ag fás mórthimpeall orthu chun na rudaí a bhí uathu a dhéanamh. Is é seo an t-aon cheann den chineál rafta seo i dtuaisceart na hEorpa a tháinig slán.
Suíomh:
An Timpeallacht Nádúrtha suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
Bhí tionchar mór ag an tírdhreach agus ag acmhainní nádrútha ar an saol faoin dtuath in Éirinn. Dhéanfadh daoine earraí a d’úsáid siad gach lá as ábhair a bhí ar fáil ina gceantar féin. Dá bharr sin, is minic a dhéantaí na rudaí céanna as ábhair dhifriúla ag brath ar cibé acmhainní a bhí ar fáil sa cheantar.
Más maith leat é seo b'fhéidir gur mhaith leat
Saol na Tuaithe
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755