‘SWARM’ i nGailearaí na Cúirte
Admission free | No booking required
Is suiteán ealaíne iontach agus mealltach é SWARM arna chruthú ag 450 páiste bunscoile agus a gcuid múinteoirí ó 25 bhunscoil i gcontae Mhaigh Eo, i gcontae Shligigh agus i gcontae na Gaillimhe.
Is toradh é SWARM ar chomhoibriú 10 mí idir an Rannóg Oideachais ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh, agus an t-ealaíontóir Cas McCarthy atá lonnaithe i Maigh Eo. Forbraíodh an tionscadal mar chuid de chlár imeachtaí poiblí agus oideachais in éineacht leis an taispeántas sealadach Crónán na mBeach.
Ag tosú le cuairt ar an taispeántas Crónán na mBeach, d’fhoghlaim na rannpháirtithe faoi bheacha na hÉireann, faoin ról fíorthábhachtach atá acu inár gcuid éiceachóras, agus faoin dlúth-nasc cultúrtha atá againn, ag fiosrú na héiceolaíochta, na bithéagsúlachta agus iontais an domhain nádúrtha.
Agus iad spreagtha ag an méid a d’fhoghlaim siad, thóg agus phéinteáil na daltaí a gcuid feithidí, ag cur beocht iontu trí iniúchadh a dhéanamh ar dhathanna, ar phatrúin agus ar dhearadh.
Tá an suiteán deiridh ar taispeáint anois i nGailearaí na Cúirte (ina aice leis an gcaifé) ag Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Suíomh:
‘SWARM’ i nGailearaí na Cúirte suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
Visit a colourful new installation created by schoolchildren and artist Cas McCarthy to celebrate Ireland’s bees
Related content
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755