Scipeáil chuig ábhar

This exhibition has now closed

Come Back to Erin

Ireland for Entrancing Scenery. Innisfallen. Killarney. Great Southern Rys, (Ireland), NMI, F:2007.82

Agus scéal chultúr na ndaoine in Éirinn ó 1850 go 1950 á ullmhú ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na nDaoine, pléadh an cheist cibé an rabhthas ag tabhairt insint rómánsaithe ar an am atá caite seachas díriú ar fhíricí an tsaoil.  As sin, thosaigh an músaem ag féachaint ar phictiúir bhreisithe shnasta den am atá caite.

Ón am sin i leith, tá bailiúchán póstaer taistil agus turasóireachta an Mhúsaeim tar éis dul i méid agus i 2007 gléasadh an taispeántas sealadach, Come Back to Erin: Póstaeir Thaistil faoi Éirinn san 20ú haois, a choimeád an Dr Séamas Mac Philib nach maireann i bPáirc Thurlaigh.

Cuideachtaí iarnróid sa Bhreatain a chuir na póstaeir daite ba luaithe d’Éirinn ar fáil. Is léir gur chun leasa na gcuideachtaí seo a bhí sé paisinéirí a mhealladh chuig na calafoirt farantóireachta chun taisteal go hÉirinn, ach anuas ar sin, ba leo nó bhí sciar acu i roinnt de na cuideachtaí loingseoireachta a bhí ag trasnú Muir Éireann.

Ba é an London and North Western Railway a chuir an póstaer daite liteagrafach is luaithe sa bhailiúchán ar fáil, i 1908 (F:2007.109). Tá raidhse eolais tráthchláir ann nach bhfeicfí sna cineálacha póstaer a tháinig ar an bhfód sna 1920í. Ba sna 1920í, leis, a thosaigh ‘an ghluaiseacht athchóirithe san fhógraíocht’ sa Bhreatain Mhór, rud a shoiléirigh agus a thug fócas d’fhógraíocht póstaeir ach go háirithe. I 1923, rinneadh ceithre chuideachta mhóra den bhreis is céad chuideachta iarnróid a bhí ann go dtí sin, rud a chuidigh le forbairt na fógraíochta póstaeir.

Ó 1924 amach, choimisiúnaigh an London Midland and Scottish Railway ealaíontóirí chun póstaeir a dhearadh. I measc na n-ealaíontóirí sin bhí fear as Béal Feirste darbh ainm Paul Henry. Bhí dhá cheann dá phóstaeir siúd i measc na bpóstaer ba mhó díol – radharc ar Chonamara (1926) agus pictiúr de Loch Dearg (1927). Bhain siad cáil amach do Henry agus rinneadh íocóin, i ndáiríre, de chuid dá radhairc phóstaeir, íomhánna a samhlaíodh le hÉirinn an uair sin. Sna 1920í choimisiúnaigh an chuideachta iarnróid ba mhó in Éirinn, an Great Southern Railways (GSR), póstaeir dea-chumtha d’Éirinn. Ba é Walter Till an príomhealaíontóir agus bhí áiteanna móra turasóireachta amhail Gleann dá Loch, Cill Airne, Conamara agus Cill Iníon Leighlin i gContae Bhaile Átha Cliath le feiceáil i gcuid de phóstaeir an GSR.                               

Tugadh aitheantas do réigiún nua Thuaisceart Éireann i gcuid de na póstaeir.  Am faoi shíocháin ab ea tréimhse na bpóstaer, roimh na caismirtí polaitiúla a thosaigh ag deireadh na 1960í, agus a chuir deireadh, nach mór, leis an turasóireacht ann.

Tá ‘Northern Ireland’ nó ‘Ulster’ in úsáid ar na póstaeir seo. ‘Ireland’ an t-ainm ginearálta a úsáidtear ar na póstaeir den chuid eile den tír, le tagairt anseo is ansiúd do ‘Southern Ireland’, cé nárbh ainm oifigiúil é sin riamh.

Ach ba bheag idir na híomhánna, cibé thuaidh nó theas: tírdhreacha dea-chomhréirithe, spéartha móra, lochanna agus cóstaí atá léirithe. Cé go raibh sochaí na hÉireann tearcfhorbartha agus seanfhaiseanta ag an am seo, rud a tharraing cruatan agus anró ar chuid dá muintir, léiríodh Éire sna póstaeir seo mar chineál Arcáide – ar mhaithe le turasóirí a mhealladh.

Thosaigh ealaín phóstaeir sa turasóireacht ag dul ar gcúl i lár na seascaidí nuair a tosaíodh ar ghrianghraif dhaite a úsáid in ionann ealaíontóirí a choimisiúnú le pictiúir a phéinteáil. Chuaigh an fhógraíocht teilifíse i dtreis ina dhiaidh sin agus chuir sé sin deireadh le póstaeir pictiúrtha ar ardchaighdeán.

Suíomh:


Come Back to Erin suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Póstaeir thaistil faoi Éirinn san 20ú haois

Páirc Thurlaigh

Gailearaí Ar Líne

Póstaeir thaistil faoi Éirinn san 20ú haois

Léigh níos mó
Gailearaí Ar Líne

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Páirc Thurlaigh

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755