Is grúpa ceardaithe agus ealaíontóirí cumasacha iad Ceardaithe Teicstílí Chonnacht ó ar fud Chonnacht.
Stair agus aidhmeanna an Ghrúpa
Cuireadh tús leis an ngrúpa in 2003 agus ar dtús tugadh Sníomhaithe agus Fíodóirí Chonnacht orthu, rud a léirigh spéiseanna ceardaíochta bhunaitheoirí an ghrúpa. Ó shin, bhí an grúpa ag bualadh le cheile ar an Satharn deireanach de gach dara mí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
Comhroinneann an grúpa a chuid eolais ar scileanna ceardaíochta ag na cruinnithe dá chuid ag an Músaem agus taispeánann siad a chuid oibre dá cheile agus do bhaill an phobail. Oibríonn an grúpa ar raon de mhodhanna ceardaíochta baile, agus meascán d’ábhair á úsáid lena léirítear, ar dhóigheanna éagsúla, conas a forbraíodh na ceirdeanna ar bhonn cruthaitheach chun uirlisí, ábhair agus teicnící nua-aimseartha a chuimsiú.
Conas a bheith rannpháirteach
Cuireann Ceardaithe Teicstílí Chonnacht fáilte roimh bhaill an phobail a bhfuil spéis acu i bhfáil amach níos mó chun teacht chuig a gcruinnithe. Brabhsáil an Féilire Imeachtaí chun sonraí a aimsiú faoi chéad chruinniú eile an ghrúpa.
Tabhair cuairt orainn ar an Satharn deireanach de gach dara mí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ó 11rn go 3in. Níl aon táille freastail ná áirithint riachtanach.
Tionscadail roimhe seo
Bhí an grúpa rannpháirteach i roinnt tionscnamh trí roinn oideachais an Mhúsaeim, ag cur le himeachtaí, le taispeántais agus le tionscadail. Áirítear le buaicphointí dá gcuid oibre na taispeántais Ceirdeanna Baile: Traidisiúnta agus Nua-aimseartha agus Is ionann Mo Bhaile Mo Chaisleán.