1. Tuanna na Coiribe
Fuarthas na tuanna seo le chéile in 2013 i mbád i Loch Coirib, agus téann siad siar go dtí an 11ú haoi nó tús an 12 haois. Is cinnte dearfach beagnach ná gurbh le laochra Éireannacha na tuanna ‘Lochlannacha’ seo, rud a thaispeánann chomh forleathan is a ghlac na hÉireannaigh leo.
Corrib Axes
Cinn Sleá Iarainn
2. Cinn Sleá Iarainn
Bhaineadh beagnach gach laoch ag Cath Chluain Tarbh úsáid as sleánna – sleánna móra (cosúil leis na cinn a fheictear anseo) faoi choinne troid ucht le hucht agus sleánna níos lú chun iad a chaitheamh ag tús an chatha.
3. Dealg Chill Dalua
Tá an dealg neasfháinneach airgid seo bunaithe ar chineál traidisiúnta Éireannach, a ghlac na Lochlannaigh níos déanaí agus a raibh tionchar acu air. Tá an sampla seo, cé go bhfuil sé níos luaithe ná Brian Bóramha, ó Chill Dalua, Co. an Chláir, láithreán phríomháit chónaí Bhriain.
Dealg Chill Dalua
Slabhra Sclábhaí
4. Slabhra Sclábhaí
Fuarthas an slabhra iarainn sclábhaí seo i mbád scaobtha in aice le crannóg i Loch Ard an Choillín, Co. Ros Comáin i lár an 19ú haois. Bhí sclábhaíocht i mbeagnach gach luathshochaí mheánaoiseach, lena n-áirítear Éire. I mBaile Átha Cliath, áfach, ba fhiontar tráchtála an-bhrabúsach é.
5. Claíomh Loch Deirgeirt
Fuarthas an claíomh seo ó Loch Deirgeirt, gar don Churrach Mór i gCo. Thiobraid Árann in 1988, agus tagann sé ó chroílár bhonn tacaíochta Bhriain Bhóramha. Cé go bhfuil sé beagáinín níos déanaí ná ré Bhriain, is sampla an-bhreá é Claíomh Loch Deirgeirt de chlaíomh ón 11ú haois. Tá sé déanta d’iarann agus tá sé maisithe le níleo airgid agus de chóimhiotal copair.
Claíomh Loch Deirgeirt
Fáinne Mhuiníl Airgid Luimnigh
6. Fáinne Mhuiníl Airgid Luimnigh
Fuarthas an fháinne mhuiníl chasta airgid Lochlannach seo ar a bhfuil bairr bhíseacha i Luimneach. Is cineál neamhchoitianta é i gcomhthéacsanna Éireannacha, agus tá sé níos coitianta i limistéar i gcoitinne Mhuir Éireann.
7. Píosa de Chumhdach Liath Mór
Tá an píosa seo a bhfuil inscríbhinn air ó chumhdach nó ó thaiseagán, a fuarthas ag luathláithreán manach Liath Mór, Co. Thiobraid Árann ar cheann den bheagán ní is féidir a nascadh go díreach le Brian Bóramha.
Píosa de Chumhdach Liath Mór
Cumhdach Leabhar Aifrinn Stowe
8. Cumhdach leabhar Aifrinn Stowe
Téann Cumhdach leabhar Aifrinn Stowe siar go dtí lár an 11ú haois go príomha agus creidtear go raibh leabhar Aifrinn Laidineach ón ochtú haois coinnithe ann. San íomhá seo ón taobh den chumhdach feictear fíor laoich agus claíomh de chineál Lochlannach ina lámha aige, agus ainmhí ar gach taobh de.
9. Reanna Saighde a Tochlaíodh i mBaile Átha Cliath
Tá an roghnúchán reanna saighde seo ó thochailtí a rinne Ard-Mhúsaem na hÉireann ag láithreáin éagsúla in iar-Bhaile Átha Cliath Lochlannach. Bhaineadh fórsaí Sitric úsáid as reanna saighde mar seo ag Cath Chluain Tarbh.
Reanna saighde a tochlaíodh i mBaile Átha Cliath
Seandálaíocht
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627
+353 1 677 7444