Caithfidh gach grúpa ar mian leo cuairt a thabhairt ar an Músaem áirithint a dhéanamh roimh ré trí Oifig na nÁirithintí.
Áirítear iad seo a leanas ar na grúpaí sin: Scoileanna, coláistí agus ollscoileanna idirnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn nó thar lear, grúpaí iarscoile, campaí samhraidh agus scoileanna teanga, grúpaí turais agus grúpaí sainspéise.
B’fhéidir nach mbeadh grúpaí a thiocfadh gan áirithint ábalta dul isteach sa Mhúsaem, ag brath ar an acmhainn a bheidh ar fáil.
Caithfidh gach grúpaí fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt d’Oifig na nÁirithintí chun an t-iarratas áirithinte a phróiseáil agus an infhaighteacht do dháta roghnaithe do chuairte a sheiceáil.
Léirítear inár dtreoirlínte reatha maidir le cuairteanna grúpaí Beartas Cosanta Leanaí Ard-Mhúsaem na hÉireann:
-
Tabhair do d’aire le do thoil go dteastaíonn cóimheas maoirseachta múinteora/ceannaire amháin in aghaidh gach 15 scoláire uainn do ghrúpaí ina bhfuil baill faoi 18 mbliana d’aois. I gcás grúpaí ina bhfuil leanaí faoi bhun seacht mbliana d’aois, nó iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, teastaíonn cóimheas maoirseachta múinteora/ceannaire amháin in aghaidh gach 10 scoláire.
-
Caithfidh Ceannairí Grúpa fanacht lena ngrúpa an t-am ar fad le linn na cuairte.
-
Cuairt féintreoraithe a bheidh ann seo toisc nach féidir linn turais treoraithe a thairiscint faoi láthair.
Déan fiosrú faoi áirithint
Chun fiosrú a dhéanamh faoi chuairt a thabhairt ar an Músaem do do ghrúpa turais:
Beimid i dteagmháil leat le do chuairt a eagrú.
Oifig na nÁirithintí
Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí má tá tuilleadh eolais uait.
Uaireanta oscailte: 9r.n. go 5i.n., Máirt go hAoine.
Ríomhphost: bookings@museum.ie
Teileafón: (01) 648 6453