Tá bailiúcháin, cartlanna agus taispeántais rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann suite don chuid is mó in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht
Is é an bailiúchán seandálaíochta an príomshtór do dhéantáin ársa Éireannacha agus foinse riachtanach do thaighdeoirí ar fhorbairt shibhialtacht na hÉireann óréanna réamhstairiúla go dtí deireadh na Meánaoiseanna agus ina dhiaidh. Síneann an tréinhse atá cuimsithe ag na taispeántais ón ré Mhéisiliteach go dtí deireadh na tréimhse meánaoisí, agus áirítear taiscí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu amhail Cailís Ardach, Dealg an Teamhracha agus Taisc Dhoire na bhFlann.