Scipeáil chuig ábhar

An Bhean Ghlúine: Cnáimhseacha agus cnáimhseachais na hÉireann ar feadh na gcéadta bliain

Féach ar shraith de trí chaint ina ndéantar iniúchadh ar chleachtas cnáimhseachais na hÉireann ó dheireadh na 1800í go dtí an lá inniu.

Bhí na cainteanna sin ina gcuid d’imeacht sa tSeachtain Náisiúnta nOidhreachta 2023, a d’eagraigh Gréasán Cartlainne Pobail na hÉireann, ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Cuireadh na cainteanna sin ar fáil chun féachaint orthu ar líne i gcomhar leis an taispeántas sealadach atá le teacht Mary Anne Fanning: Ag cuimhneamh ar ár gCnáimhseacha Pobail, a mhairfidh ón 3 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 8 Márta 2025, ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe. 


CAINT 1 An Bhean Dheaslámhach a suí i Stair na hÉireann c1851 - 1918 [Positioning the Handywoman in Irish History c1851 - 1918] |An Dr Ciara Breathnach 

Déanann an Dr Ciara Breathnach, Ollamh Comhlach sa Stair in Ollscoil Luimnigh, achoimre ar an gcomhthéacs stairiúil, ina rianaítear na hathruithe ar chleachtas agus ar thraidisiún an chnáimhseachais le linn an 19ú haois agus an 20ú haois.

 
 


CAINT 2: Saol agus Obair na gCnáimhseach Tuaithe | Emma Laffey

Is í Emma Laffey, Grúpa Oidhreachta na Sceachnánaí & an Cheantair, údar an fhoilseacháin An Bhean Ghlúine a bhuaigh duaiseanna agus comhchoimeádaí an taispeántais atá le teachtMary Anne Fanning: Ag cuimhneamh ar ár gCnáimhseacha Pobail Sa chaint sin, tugann Emma chun suntais saol agus obair cuid de na cnáimhseacha faoin tuath a ndearna sí taighde orthu. 


CAINT 3: Cleachtas an Chnáimhseachais Inniu | Aisling Dixon

Labhraíonn Aisling Dixon, Ardchleachtóir Cnáimhseachais in Ospidéal Portiuncula, faoi chleachtas an chnáimhseachais inniu.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions