Scipeáil chuig ábhar

An Chartlann agus Seirbhís na dTaifead

Buneolas

Tá Cartlann Ard-Mhúsaem na hÉireann ainmnithe ina háit taiscthe faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 agus tá sí freagrach as caomhnú a dhéanamh ar pháipéir stairiúla an Mhúsaeim, ar na taifid atá aige i leith na mbailiúchán agus ar na bailiúcháin ábhartha cartlann phríobháideach atá faighte aige, agus as rochtain ar na nithe sin go léir a sholáthar. Tá ról ag an tSeirbhís Cartlainne freisin maidir le bainistíocht taifead na hinstitiúide.
Tá Cartlann Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi chuimsiú Rannóg Clárúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ó Bhealtaine 2008 i leith tá Cartlannaí agus Bainisteoir Taifead sainoilte ina bun. Tá an Cartlannaí freagrach as seirbhís cartlainne agus taifead an Mhúsaeim a chomhordú ar na cúig shuíomh de chuid an Mhúsaeim [Dún Uí Choileáin, Sráid Chill Dara, Sráid Mhuirfean, Ionad Acmhainní na mBailiúchán agus Páirc Thurlaigh], cé go bhfuil an rochtain ar na cartlanna a bhaineann le Seandálaíocht, Saol na Tuaithe agus Stair an Dúlra á riar faoi láthair ag baill de chuid na foirne coimeádaithe.  

Maidir Linne

  • Ráiteas Misin

  • Forléargas ar Bhailiúchán Cartlainne Ard-Mhúsaem na hÉireann

  • Cineálacha Bunfhoinsí Doiciméadacha atá ar fáil le haghaidh Taighde

  • Leagan amach na gCartlann ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

  • Tuairisc ar an gCartlann

  • Macasamhlú ar Ábhar Cartlainne

  • Rochtain

 
Ráiteas Misin

Déanann an tSeirbhís Cartlainne agus Taifead a dícheall i gcónaí a misean a chomhlíonadh, is é sin:

  • Páipéir stairiúla oifigiúla agus doiciméadúchán na mbailiúchán de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann a fháil, a chaomhnú, a phróiseáil agus a chur ar fáil

  • Bailiúcháin ina bhfuil páipéir phríobháideacha de chuid daoine, imeachtaí nó eagraíochtaí a mheastar a bheith ábhartha d'obair Ard-Mhúsaem na hÉireann a fháil, a chaomhnú, a phróiseáil agus a chur ar fáil

  • Comhairle a chur ar bhaill foirne faoi choimeád taifead in Ard-Mhúsaem na hÉireann lena chinntiú go ndéanfar forbairt na hinstitiúide a thaifead

Forléargas ar Bhailiúchán Cartlainne Ard-Mhúsaem na hÉireann

Is éard atá sa Bhailiúchán Cartlainne go príomha ná taifid riaracháin Ard-Mhúsaem na hÉireann ó 1877 go dtí an lá inniu. Tá taifid ann freisin a bhaineann le Músaem Acadamh Ríoga na hÉireann agus Músaem Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Tá sonraí fála sna doiciméid sin maidir le déantúsáin an Mhúsaeim, comhfhreagras le deontóirí agus iasachtóirí, beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le forbairt Ard-Mhúsaem na hÉireann, sonraí faoi thaispeántais, cláir phoiblí agus doiciméid a bhaineann leis an aistriú chuig na suímh ag Dún Uí Choileáin, i bPáirc Thurlaigh agus in Ionad Acmhainní na mBailiúchán. Ina dteannta sin, tá roinnt bailiúchán sa Chartlann ina bhfuil páipéir de chuid daoine agus eagraíochtaí lárnacha a raibh baint acu leis na réada atá in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Cineálacha Bunfhoinsí Doiciméadacha atá ar fáil le haghaidh Taighde:

  • Cláir Shealbhúcháin an Mhúsaeim

  • Comhfhreagras (seachas ábhar atá faoi réir a dhúnta)

  • Sonraí faoin taighde a rinne Coimeádaithe an Mhúsaeim

  • Coimrí Taispeántais

  • Taifid Tochailte

  • Comhaid Thopagrafacha

  • Ceadúnais Tochailte agus Ceadúnais chun Réada Seandálaíochta a Athrú agus a Easpórtáil

  • Miontuairiscí Cruinnithe

  • Dréacht-Tuarascálacha Bliantúla

  • Bailiúcháin Phríobháideacha Grianghraf

  • Bailiúcháin Phríobháideacha Páipéar

  • Agallaimh staire béil

  • Cartlanna digiteacha

Leagan amach na gCartlann ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Léiríonn an Bailiúchán Cartlainne an obair a dhéanann rannáin choimeádaithe an Mhúsaeim: Ealaíona Maisiúla agus Stair, Stair an Dúlra, Seandálaíocht agus Saol na Tuaithe agus a Rannóga Bailiúchán agus Oibríochtaí – lena n-áirítear Oideachas, Clárú, Grianghrafadóireacht, Riarachán agus Saoráidí – agus déantar é a eagrú agus ábhar a stóráil ann dá réir. Sa chartlann freisin tá cartlann Stiúrthóireacht an Ard-Mhúsaeim, ina bhfuil páipéir de chuid iarStiúrthóirí an Mhúsaeim. Na bailiúcháin phríobháideacha páipéar a fhaigheann an Músaem, déantar iad a leagan amach mar is cuí.

Tuairisc ar an gCartlann

Nuair a bheidh an phróiseáil déanta, beidh tuairiscí na Cartlainne ar leibhéal na mbailiúchán (fonds) de réir ISAD (G) (An Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisc Chartlainne, Ginearálta). Baintear leas sa Mhúsaem as an uirlis Adlib Archives, a chomhlíonann IGAD (G), mar phríomhuirlis aimsithe.       
 
Macasamhlú ar Ábhar Cartlainne

Tá Cartlann an Ard-Mhúsaeim sásta macasamhlú teoranta a dhéanamh ar ábhair ón gcartlann más rud é nach ndéanfaidh macasamhlú den sórt sin dochar don bhunábhar, nach sárófar an cóipcheart ná an tAcht um Chosaint Sonraí, Beartas Cóipchirt Chartlann Náisiúnta na hÉireann ná aon srianta arna bhforchur ag an deontóir. Tabhair faoi deara le do thoil go mbíonn an t-achar ama a thógann sé próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar mhacasamhlú ag brath ar líon na n-orduithe a chuirtear isteach agus ar na hacmhainní atá ar fáil sa tSeirbhís Cartlainne agus Taifead.

Rochtain

Tá sé de dhualgas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann rochtain a sholáthar ar a pháipéir oifigiúla faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta. Cé gur taifid phoiblí atá i gCartlann an Mhúsaeim agus gur féidir leis an bpobal iad a cheadú den chuid is mó, tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh cuid acu a bheith faoi réir tréimhse dúnta de réir Bheartas Cartlainne an Mhúsaeim.

Is trí choinne amháin a bhíonn rochtain ar an gcartlann ar fáil don phobal. Is féidir coinne a dhéanamh chun an lárbhailiúchán cartlainne agus na cartlanna sa Rannán Ealaíne agus Tionsclaíochta a cheadú ach dul i dteagmháil leis an gCartlannaí ag archive@museum.ie. Is féidir rochtain a fháil ar Chartlann Stair an Dúlra, na Seandálaíochta agus Shaol na Tuaithe ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach ar Dualgas sa Rannán.

Ainm: Emer Ní Cheallaigh
Cartlannaí agus Bainisteoir Taifead an Ard-Mhúsaeim
Seoladh:      
Seirbhís Cartlainne Ard-Mhúsaem na hÉireann
An Rannóg Clárúcháin
Bloc 10
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Dún Uí Choileáin
Sráid na Binne Boirbe
Baile Átha Cliath 7
Éire

Ríomhphost: enicheallaigh@museum.ie
Ceisteanna faoin gCartlann Láir: archive@museum.ie
Suíomh Gréasáin: www.museum.ie
Teileafón:    00353 (0)1 8816518                                
 
Naisc Ghaolmhara

Cartlann Náisiúnta na hÉireann

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Dánlann Náisiúnta na hÉireann

Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: An Rannóg Cartlainne

An Cumann Cartlainne agus Taifead, Éire

An Suíomh Gréasáin Learn About Archives

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

An Cumann Bainistíochta Faisnéise agus Taifead

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions