Scipeáil chuig ábhar

An Fhoireann

Judith Finlay- An Cláraitheoir

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Judith ina Cláraitheoir, ina Ceann ar an Rannóg Clárúcháin agus ina Coimeádaí/Bainisteoir ar Ionad Acmhainní na mBailiúchán. Tá sí freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar an rannóg iomlán lena n-áirítear Doiciméadúchán, an Chartlann, an Leabharlann, Iasachtaí, cúrsaí lóistíochta i leith na mBailiúchán, bainistíocht an stórais agus Ionad Acmhainní na mBailiúchán, chomh maith le riar agus forbairt a dhéanamh ar bhunachar sonraí an Mhúsaeim um Bainistíocht na mBailiúchán agus ar thionscadail ghaolmhara, idir thionscadail digitithe agus tionscadail ar líne. Bhí Judith freagrach freisin as na gnéithe digiteacha a bhain leis an Réabhlóid Bogha Ceatha, tús eolais maidir le stair ghluaiseacht LADTI+ na hÉireann a ullmhaíodh i gcomhar le staraithe agus cartlannaithe mór le rá a bhíonn ag plé leis an ngluaiseacht sin. Is iad stair agus cultúr na gluaiseachta LADTI+ a réimse saineolais, mar aon le haisdúichiú, bainistíocht bailiúchán, cosaint na hoidhreachta agus stair na healaíne.

 

Eimear Ashe: Oifigeach Doiciméadúcháin (Stair an Dúlra)

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Eimear freagrach as faisnéis faoi na bailiúcháin i Rannán Stair an Dúlra. Cuimsítear san obair sin bainistíocht ar bhunachair sonraí, iasachtaí, stórais agus aistriú bailiúchán.

 

Emma Crosbie: Cúntóir Doiciméadúcháin

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Emma ina Cúntóir Doiciméadúcháin sa Rannóg Clárúcháin le 18 mbliana anuas. Bhí sí ag obair ar na doiciméid ina lán bailiúchán thar na blianta agus i measc na mbailiúchán is fearr léi tá Eitneagrafaíocht agus Teicstílí. Bíonn sí ag obair go minic le bunachar sonraí AdLib agus tá an-eolas aici air ag an bpointe seo.

 

Fran Devoy: Oifigeach Cléireachais (Airgeadas)

Ról agus Réimsí Saineolais: Bhíodh Fran ina ball d’Fhoireann Airgeadais an Mhúsaeim go dtí gur aistríodh chuig an Rannóg Clárúcháin í in 2009. Is é an príomhról atá aici tacaíocht airgeadais agus soláthair a thabhairt don Rannóg Clárúcháin.

 

Dr. Órla Fitzatrick: Leabharlannaí

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Órla freagrach as na bailiúcháin leabharlainne atá i seilbh Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá cáilíocht bainte amach aici san Eolaíocht Leabharlainne agus Faisnéise agus tá cúlra acadúil aici i ndearadh agus i stair na grianghrafadóireachta. 

 

Paul Fowley: Oifigeach Cléireachais (Saoráidí)

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Paul freagrach as saoráidí Ionad Acmhainní na mBailiúchán i Sord, agus as cothabháil a dhéanamh orthu. Áirítear leis an obair sin na horduithe ceannaigh le haghaidh na soláthairtí is gá chun an tsaoráid a fheidhmiú go héifeachtúil.

 

Joanne Hamilton: Oifigeach Doiciméadúcháin (Saol na Tuaithe)

Ról agus Réimsí Saineolais: Is é an ról atá ag Joanne maoirseacht a dhéanamh ar chúram agus bainistíocht an bhailiúcháin a bhaineann le Saol Tuaithe na hÉireann. Tá spéis ag Joanne i mbainistíocht bunachar sonraí, in aire a thabhairt do bhailiúcháin trí chaomhnú coisctheach agus sa rochtain ar bhailiúcháin.

 

Kate Moriarty: Cúntóir Doiciméadúcháin

Ról agus Réimsí Saineolais: Eagraíonn Kate iasachtaí isteach chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann agus amach as. Bíonn sí ag obair freisin ar rialú suímh agus ag iontráil sonraí i mBunachar Sonraí na mBailiúchán de chuid an Mhúsaeim, agus déanann sí maoirseacht ar thaighdeoirí in Ionad Acmhainní na mBailiúchán i Sord.

 

Emer Ní Cheallaigh: Cartlannaí agus Bainisteoir Taifead

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Emer ag obair mar Chartlannaí agus mar Bhainisteoir Taifead, agus tá spéis aici i mbainistíocht faisnéise, rialachas agus comhlíonadh, breithmheas cartlainne agus caomhnú i músaeim, stair bhéil agus cartlanna pobail.

 

Sylviane Vaucheret: Oifigeach Doiciméadúcháin (Seaniarsmaí na hÉireann)

Ról agus Réimsí Saineolais: Tá sé de fhreagracht ar Sylviane próiseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a ghabhann leis na réada atá faoi chúram Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann, agus mar chuid den obair sin déanann sí maoirseacht ar ghluaiseachtaí uile na réada, eagraíonn sí iasachtaí agus déanann sí forbairt ar na bunachair sonraí a úsáidtear chun catalógú a dhéanamh ar na bailiúcháin de Sheaniarsmaí na hÉireann.

 

Ann Vaughan: Oifigeach Feidhmiúcháin (Digitiú)

Ról agus Réimsí Saineolais: Tháinig Ann chuig an Músaem ó Roinn an Taoisigh agus bhí sí ina ball den Rannán Riaracháin roimhe seo. Aistríodh chuig an Rannóg Clárúcháin í agus thosaigh sí ag obair leis an gCartlannaí agus digitiú a dhéanamh aici ar chartlanna an Mhúsaeim. 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions