Thángthas ar an mbachall seo thart ar 1839 agus móin á baint ag portach ag an gCorrchoill, Co. Chill Dara. Cheannaigh Pobal na nÍosánach ag Coláiste Choill Chluana Gabhann, Co. Chill Dara í ón aimsitheoir go gairid ina dhiaidh sin
Is slat oifige eaglasta í an bhachall. Tá a cruth bunaithe ar chaimín aoire, rud atá ina shiombail ar ról tréadach na hEaglaise agus í ag tabhairt aire dá tréad. Tá thart ar caoga bachall ann ó Éirinn na luath-meánaoise, agus an chuid is mó díobh i mbailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann.
De ghnáth bíonn bachalla i bhfoirm slat adhmaid atá cumhdaithe le leatháin mhiotail - cóimhiotal copair de ghnáth - atá ceangailte le chéile ag cnobaí nó leataí feadh an chrainn. Dealraíonn sé gur briseadh Bachall na Corrchoille ina dhá chuid sular cuireadh sa phortach í. Trí dhátú radacarbóin a rinneadh ar a croí iúir léirítear dáta thart ar an 10ú haois. Agus í 1.34m ar airde, is í an bhachall an ceann is airde de na bachalla ó Éirinn na luath-meánaoise atá fós ann, agus is ceann de na samplaí iomlána is sine í in Iarthar na hEorpa. Tá lúb na bachaille maisithe le gloine agus le cruan champlevé. Is féidir cros na Gréige cruanta a fheiceáil faoin bpríomh-stoda gloine ar an lúb. Léirítear le hinscríbhinn thánaisteach ar íochtar na lúibe gurbh le Mainistir Naomh Muire, Baile Átha Cliath, í lá den saol.
Tá Bachall na Corrchoille ar iasacht d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ó na hÍosánaigh agus ó Iontaobhaithe Choláiste Choill Chluana Gabhann.