Scipeáil chuig ábhar

Clár imeartha Bhaile an Doire

The Ballinderry gaming board, NMI, 1932:6533

Tá an clár imeartha sin, atá déanta as iúr, leagtha amach i ngreille de phoill pionnaí agus na poill láir agus na poill chúinne marcáilte le stuanna ciorclacha. Úsáideadh é don chluiche cogaidh Lochlannach Hnefatafl, agus ba é an cuspóir leis píosa an Rí a bhrú isteach i gceann amháin de na cúinní.

Thángthas ar an gclár le linn na dtochailtí i 1932 ag crannóg Bhaile an Doire, láithreán tuaithe a bhí áitithe ó dheireadh an 9ú haois go dtí an 11ú haois. Dealraíonn sé go raibh an láithreán seo ina áitreabh de chuid duine de na huaisle de stádas measartha, b’fhéidir rí go fiú, de réir cháilíocht agus mhéid na nithe a fuarthas.
 
Is clár cearnógach é an cloár, a bheag nó a mhór, tá naoi bpoll is daichead ann agus tá sé maisithe thart ar na himill le cinn starracha (hanlaí is dócha) agus le hocht bpainéal de mhaisiúcháin chrosfhite snoite. Tá crosfhí shimplí de chúig snáithe agus de shé snáithe ar dhá phainéal agus tá crosfhí slabhra fáinne ar dhá phainéal ag cúinní os comhair a chéile i stíl Borre Chríoch Lochlann. Bhí baint shuntasach ag an stíl ealaíne sin le hOileán Mhanann lá den saol agus creideadh tráth gur tháinig an clár imeartha ón áit sin.  Lé déanaí, taispeánadh go bhfuil an stíl sin le feiceáil ar obair mhiotail in Éirinn agus is é is dóichí go ndearnadh an clár in Éirinn - i mBaile Átha Cliath is dócha.

Fuarthas cláir chosúla, ach níos simplí, le linn na dtochailtí i mBaile Átha Cliath. De ghnáth is de chineál cláir táiplise iad le roinnt cearnóg cealaithe agus baineadh úsáid astu le chéile le héagsúlacht de phíosaí imeartha le bonn cothrom, nó píosaí imeartha cruinneachánacha, cónúla nó dioscóideacha, a bhí déanta as cnámh, as beann, as gaing/lignít, as cloch agus as adhmad, nithe a fuarthas le linn na dtochailtí freisin.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions