Scipeáil chuig ábhar

An Mheánaois Dhéanach

Tá an Mheánaois Dhéanach in Éirinn sa tréimhse ó 1150-1550, agus tá sí sainithe go héifeachtach le dhá phróiseas eaglasta – gluaiseacht chun leasaithe san Eaglais i lár an 12ú haois agus an Reifirméisean i lár an 16ú haois. Is í seo an tréimhse a ndearna na Normannaigh ionradh agus leathchoilíniú in Éirinn agus mar thoradh air seo bhí dhá chultúr ar leith ar an oileán, agus bhí a dteanga, dlíthe, córas sóisialta agus cleachtais talmhaíochta ar leith ag gach ceann díobh, agus is as seo a d'eascair cultúr Angla-Éireannach hibrideach le linn na Meánaoise Déanaí. Tar éis ionradh na Normannach bhí tréimhse ann nuair a rinneadh athchóiriú ar na bailte Gael-Lochlannach a bhí ann agus bhunaigh tiarnaí Sasanacha bailte nua faoin tuath, agus thóg siad lonnaitheoirí isteach chun cónaí iontu ón mBreatain agus ó áiteanna eile. Bhí na bailte ina margaí i gcomhair táirgí talmhaíochta chomh maith le bheith ina n-ionaid déantúsaíochta agus tráchtála. Tá iliomad tochailtí uirbeacha a rinneadh le blianta anuas tar éis lear mór fianaise a chur ar fáil i bhfoirm déantán faoin saol sna bailte seo, agus faightear léargas níos leithne ar an tréimhse seo ó fhionnachtana a fuarthas le linn tochailtí ar chaisleáin tuaithe agus láithreáin eaglasta.

Cé gur forbraíodh foirmeacha agus stíleanna nua, bhí go leor de ghníomhaíochtaí déantúsaíochta na mbailte cosúil leo siúd a bhí ar bun sa tréimhse Lochlannach. Tá samplaí d’uirlisí éagsúla a d’úsáid ceardaithe éagsúla le feiceáil sa bhailiúchán. I measc na n-uirlisí siúinéireachta tá tuanna, táil, siséil, gúistí agus casúir. Thángthas ar chófra darach ó Chorr na bhFiach, Co. Ros Comáin ina raibh uirlisí siúinéireachta, ach is cosúil go n-úsáidtí roinnt de na huirlisí le hobair a dhéanamh ar chlocha. Ba ghníomhaíocht thábhachtach a bhí i dtáirgeadh soithí adhmaid éagsúla, cosúil le cuinneoga, plátaí, ceaigeanna agus cupáin, mar a bhí roimhe sin. Bhí daoine saibhre, áfach, ábalta soithí cóimhiotail copair teilgthe cosúil le scilléid, geoir agus coirí a cheannach. Tá roinnt báisíní cóimhiotail copair sa bhailiúchán a bhféadfadh baint a bheith acu le grúdú beorach.

Bhí ornáidí beaga pearsanta cosúil le bioráin, dealga agus búclaí á dtáirgeadh ag gaibhneoirí, a d’oibrigh le cóimhiotail copair den chuid is mó, agus ba é an gabha a rinne réimse uirlisí iarainn, bracanna, insí, glais, eochracha, crú capaill agus feisteáin. Is léiriú ar tháirgeadh teicstílí iad nithe cosúil le roithleáin eiteáin agus meáchain seolta, agus bhí saoir leathair ag táirgeadh bróga, truaillí agus baill éadaigh, agus tá samplaí de gach ceann acu seo sa bhailiúchán.

Tháirg saoir cnámha agus beanna réimse réada, lena n-áirítear cíora, bioráin agus píosaí cluichíochta.

Bhí tábhacht bhunúsach ag baint le talmhaíocht, ach bhí béim éagsúil sna ceantair a bhí faoi smacht Shasana agus na hÉireann. Thug na Sasanaigh geilleagar talmhaíochta nua isteach ina raibh barra á bhfás chun iad a dhíol ar airgead sna bailte margaidh. Tháinig méadú ar an limistéar a bhí faoi churaíocht mar thoradh air seo. Feictear ó na soic céachta agus coltair sna bailiúcháin go raibh curaíocht ag brath i bpáirt ar threabhadh, ach feictear ó na spáda agus na sluaistí atá fós againn go ndearnadh go leor den saothrú le lámh. Tá corráin chun grán a bhaint agus clocha bró chun plúr a dhéanamh de ghrán sna bailiúcháin freisin. Sna tiarnais Ghaelacha, bhí saibhreas agus stádas ag brath ar úinéireacht eallaigh, bhí an geilleagar talmhaíochta níos tréadúla agus léiríonn na cuinneoga adhmaid atá fós againn go raibh tábhacht ag baint le déanamh ime.

Forbairt thábhachtach amháin a tharla sa tréimhse seo ná forbairt ar thionscal mór potaireachta, a d’fhreastail ar riachtanais gach aicme. Tá tochailtí seandálaíochta tar éis an-chuid potaireachta a rinneadh in Éirinn a chur leis an mbailiúchán, chomh maith le potaireacht a allmhairíodh ó Shasana, ón bhFrainc agus ó choda eile den mhór-roinn. Úsáideadh na scileanna nua déantúis ceirmeacha chun tíleanna dín agus urláir a tháirgeadh do thithe uaslathaithe agus fondúireachtaí eaglasta saibhre.

Ba thréimhse cogaíochta eindéimeach a bhí sa Mheánaois Dhéanach in Éirinn, agus tá timpeall 400 sampla d’armra na tréimhse sa bhailiúchán. Is í an chatagóir aonair is mó ná reanna saighde a bhfuil cineálacha éagsúla díobh ann, ach tá claimhte, tuanna, mása agus miodóga ann chomh maith. Tá clogad amháin ann a mhair ón tréimhse sin, ó Chlais na Muc, Contae Laoise, chomh maith le roinnt bloghanna de mháille slabhra. Tá roinnt gunnaí móra agus gunnaí sclóinte ón Meánaois Dhéanach, ina measc earraí a bhfuarthas ó bháid bhriste d'Armáid na Spáinne ag an Srithideach, Co. Shligigh. Sa bhailiúchán freisin tá réada a bhaineann le gníomhaíochtaí eachracha a bhí de chuid an airm go príomha, spoir, stíoróip, píosa do na leicne agus gléasa úmacha ina measc.

Bhí na bunathruithe a thit amach i struchtúr eagraíochtúil na hEaglaise agus tabhairt isteach oird mhanachúla nua mar ghnéithe den Mheánaois in Éirinn. Tá mórán cleachtas ó sheantraidisiún na hEaglaise fós ann, áfach, go mór mór i limistéir taobh amuigh de smacht Shasana, agus faightear léiriú láidir air sin sa bhailiúchán tábhachtach de scrínte agus de chumhdaigh atá ar taispeáint. Orthu sin tá roinnt cumhdach leabhair, an Breac Maodhóg, an Domhnach Airgid, an Cathach, an Míosach agus Leabhar Aifrinn Stowe; scrínte cloigíneacha Chloigín Naomh Seanán agus an Corp Naomh, mar aon le scrín Fhiacail Phádraig agus Mias Tighearnáin. Nuair a cuireadh na mainistreacha faoi chois le linn an reifirméisin agus leis an gcogaíocht sa seachtú haois déag scriosadh cuid mhór seod eaglasta, ach i measc na seod uathúla a mhair tá dealbha adhmaid ó Fhiodh Ard, Co. Thiobraid Árann agus Eas Géitine, Co. Luimnigh, cros mórshiúil chré-umha ó Bhéal Átha Longfoirt, Co. Luimnigh agus cópa bróidnithe ollásach den 15ú haois ó Phort Láirge.

Tá ealaín na saor cloiche agus na snoíodóirí cloiche léirithe sa bhailiúchán ina bhfuil bloghanna seandálaíochta, ó na heaglaisí agus na tuamaí go príomha. Ina measc tá codanna de mhúnlaí fuinneoige agus dorais, ceiribíní, coirbéil agus cinn chloiche. Sa bhailiúchán freisin tá roinnt umar baiste agus dhá cheann déag de Shíle na gCíoch. Is réad uathúil é bíoma darach greanta ó theach den 16ú haois i nDroichead Átha, Co. Lú. Tá hataí agus baill éadaigh a caomhnaíodh i bportaigh sa bhailiúchán freisin, agus an chuma ar chuid acu gur ón meánaois dhéanach iad.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions