Léigh faoin dóigh a soláthraíodh úruisce don tSean-Éigipt ag abhainn na Níle agus faoin seodra agus faoi na cosmaidí a táirgeadh sna fásaigh timpeall uirthi.
An abhainn
Is ionann an Níl agus cuisle na hÉigipte trína soláthraítear úruisce do thír gan bháisteach. Suas go dtí an céad seo lean sí timthriall bliantúil de thrí shéasúr: - tuile Lúnasa go Samhain a d’fhág cumhdach de láib úr ar bharr na bpáirceanna; séasúr an tsíolchuir ó Nollaig go Márta le haghaidh na bpríomhbharr amhail eorna, cruithneacht emmer agus líon le haghaidh línéadaigh agus séasúr tirim an fhómhair ó Aibreán go Iúil.
Chomh maith leis sin bhí an abhainn ina bealach gan bhac idir na carraigeacha eibhir ag Aswan agus an Mheánmhuir 700 míle ó thuaidh. Ní raibh maith ar bith i gcairteacha ar rothaí i gcríocha cúnga Ghleann na Níle. Ba iad na báid an meán iompair is éasca. Thóg sé dhá go trí seachtaine chun an turas fillte a dhéanamh ó thuaisceart go deisceart na tíre. Tugadh capaill isteach ón Áise le linn thréimhse na Ríochta Nua c.1550 RCh, mar ainmhithe sóchais chun carbaid na ríthe agus na n-uaisle a tharraingt, ach níor cuireadh iad riamh in ionad eallaigh agus asal mar bheithígh iompair.
An fásach
Tá na teorainneacha ar an saol socraithe san Éigipt leagtha síos ag an Sahára. Agus gan ach roinnt ósaisí móra ann, ní raibh tacaíocht ann don bheatha san fhásach ach amháin ar an mionchóir. San Éigipt Uachtair, tá go leor reiligí agus roinnt láithreán baile suite ar thalamh fásaigh taobh le páirceanna an Ghleanna. Mar gheall ar an aimsir tirim caomhnaíodh na hearraí adhlactha agus sealúchas tréigthe an ghnathshaoil a mheathfadh in ithir níos taise.
Tar éis aontú na tíre cuireadh cré-earraí ní ba ghairbhe in ionad earraí potaireachta fíneálta thréimhse El-Badari agus ba ghearr go raibh máistreacht ag ceardaithe ar shaoirseacht chloiche agus ar mhiotalóireacht. Bhain na hÉigiptigh leas as saibhreas d’acmhainní nádúrtha amhail clocha crua agus boga agus éagsúlacht de mhianraí. Ba é copar an miotal ba mhó úsáide go dtí tréimhse na Ríochta Nua c.1550 RCh, nuair a bhí cré-umha stánaithe ar fáil níos mó.
Seodra & cosmaidí
Soláthraíodh ór agus raon ildaite de chlocha leathlómhara ó na fásaigh san oirthear. Baineadh úsáid as airgead arna iompórtáil ó limistéar a thagann leis an nGréig agus an Tuirc de chuid na linne seo agus as lapis lazuli ón Áise láir chun seodra a tháirgeadh arna chaitheamh ag fir agus ag mná araon. D’athraigh na hábhair a úsáideadh agus na stíleanna thar am agus tharla nuálaíochtaí móra i dtréimhse na Ríochta Nua, c.1550-1069 RCh. Rinneadh aithris ar chlocha leathlómhara i bhfaensa ildaite agus i dtaos gloine. Is comhdhéanamh saorga í faensa de ghaineamh grianchloiche, de mhionrabh copair nó cré-umha agus d’alcaile.
Baineadh úsáid as ábhair nádúrtha freisin chun an corp a mhaisiú i bhfoirm cosmaidí agus olaí. Ba iad na cosmaidí príomhúla, arna n-úsáid ag an dá inscne, línitheoir súl agus olaí cumhra. Ba iad mianta copair glasa na hábhair ab ansa le haghaidh línitheoir súl ach le linn thréimhse na Sean-Ríochta, c. 2686-2125 RCh, cuireadh an mhian luaidhe dhubh, gailéin, ina n-ionad go forleathan. Fuarthas olaí as crainn áitiúla amhail an crann ‘moringa’, agus iompórtáladh ábhair roisín cumhra ón Áise. Faightear coimeádáin cosmaidí go minic in adhlacthaí, comhartha den tábhacht a bhain leo sa saol seo agus sa chéad saol eile.