Féach ar an gcaoi inar fhorbair na hÉigiptigh ársa teicnící mumaíochta.
Bhí an creideamh bunúsach Éigipteach i saol eile i ndiaidh an bháis bunaithe ar na déithe Óisíris, a tháinig ar ais, de réir an mhiotais, mar rí na marbh, agus Ra, dia na gréine. Bhí gach Éigipteach ag iarraidh a bheith aitheanta in éineacht le hÓisíris nuair a fuair siad bás ionas go mairfeadh an corp go slán sábháilte sa domhan thíos, agus ionas go bhféadfadh a spiorad taisteal go síoraí tríd an spéir in éineacht le Ra.
An Mhumaíocht
Bhí marthanas ag brath ar an gcorp agus an spiorad a bheith aontaithe agus an corp a choinneáil slán ar an talamh. Le stop a chur le lobhadh an chorpáin, d’fhorbair na hÉigiptigh teicnící mumaíochta. tugadh iad seo chun foirfeachta faoi c. 1000 RCh. Thriomaítí an corp amach le natrón, sóidiam nádúrtha agus bhaintí na codanna inmheánacha bhoga agus dhéantaí iad sin a chaomhnú leo féin.
Chuirtí ungadh ar an gcorp, líontaí an corpán agus chuirtí sraitheanna de línéadach timpeall air.
Ofrálacha
Bhí dhá fheidhm ag an tuama, an corp caomhnaithe a choimeád agus spás a chur ar fáil le haghaidh ofrálacha do na mairbh. I dtuamaí saibhre bhíodh an seomra adhlactha de ghnáth go domhain faoin talamh agus séipéal bríce nó cloiche ilchasta os a chionn le haghaidh ofrálacha.
D'fhéadfadh an dá chuid a bheith inscríofa le téacsanna reiligiúnacha le marthanas na ndaoine a cailleadh a chinntiú, go háirithe le soláthar síoraí d'ofrálacha. I dtréimhsí éagsúla, chuirtí saghsanna éagsúla réad sa seomra adhlactha taobh leis an gcónra d’fhonn ráthúlacht sa saol eile a chinntiú. Ón Meánríocht dhéanach anonn go dtí tréimhse Tholamaeis, c.1850–300 R.Ch., chuirtí deilbhíní den duine a cailleadh ar a dtugtaí shabtis sna hadhlacthaí agus b’iadsan a dhéanfadh aon obair láimhe a bheadh ag teastáil ón té a cailleadh sa domhan thíos.