Aimsíodh Saltair an Fheadáin Mhóir le linn móin a bhaint i bportach Thiobraid Árann in 2006.
D'oscail an leabhar nuair a aimsíodh é, agus leis na focail Laidineacha a bhí le feiceáil in ualle lacrimarum (i ngleann na ndeor) aithníodh é mar shaltair.
Is cuid den tSean-Tiomna den Bhíobla é an tSaltair nó Leabhar na Salm. Thug misinéirí Críostaí téacsanna bíobalta go hÉirinn ar dtús le linn an 5ú haois. De réir mar a scaip an Chríostaíocht, rinne scríobhaithe Éireannacha cóipeanna de na téacsanna sin.
Bhí an tSaltair mar chuid lárnach de chóras mainistreach na hÉireann, agus d'fhoghlaim páistí conas léamh agus scríobh ón Saltair sular tugadh é do na manaigh le haghaidh tuilleadh treorach. Bhíothas ag súil go mbeadh na sailm ar eolas ag na manaigh de ghlanmheabhair.
Is é is dóichí ná gur scríobhadh Saltair an Fheadáin Mhóir timpeall 800 AD, i mainistir in aice láimhe, a bhí cóipeáilte ó shaltair a bhí ann cheana féin. Leis an dlúthghréasán de láithreáin mhainistreacha sa cheantar seo a bhí saibhir agus torthúil agus gar d'Abhainn na Sionainne tá roghanna éagsúla ann. Is eol dúinn go mbíodh sríobaithe ag obair ag Lothra, Biorra agus Tír Dhá Ghlas, agus tá siad seo ar fad measartha gar don Fheadán Mór Seans go mbaineann tobar beannaithe ar a dtugtar Tobar an Bhranda, atá lonnaithe ar oileán sa phortach, le Naomh Breandán, bunaitheoir na mainistreach i mBiorra atá in aice láimhe.
Sa tochailt a rinneadh san áit ar aimsíodh é léiríodh go raibh an tSaltair curtha in éineacht le mála craicinn mhuice agus craiceann ainmhí. Léiríonn dátaí radacarbóin ó ábhar eile a aimsíodh ar an tochailt gur cuireadh na déantáin sa talamh laistigh de chúpla céad bliain ó scríobhadh an tSaltair, roimh 1000 AD. Ní fios na cúiseanna ar cuireadh iad. Nuair a baineadh móin sa phortach níos luaithe nochtadh soitheach adhmaid ársa agus tiachóg ghalánta leathair a dhátaíonn go dtí idir an 7ú haois agus an 9ú haois AD.