Scipeáil chuig ábhar

Conga agus an Chros

B'fhéidir go ndearnadh an Cros do Chonga.

Séipéal tábhachtach ab ea Conga a raibh muintir Chonchúir mar phátrúin aige sa 12ú haois. Aithníodh mar ardeaglais é ag sionód Ráith Bressail i 1111. Bhunaigh Turlach Ó Conchúir Mainistir na nAibhistíneach go gairid i ndiaidh dóiteáin ansin i 1137. Fuair mac le Turlach, Rory, Ard-Rí deiridh na hÉireann, bás i gConga i 1198. Chónaigh Rory agus roinnt dá mhic agus iníonacha ar scor i gConga.

Leis na céadta blian, bhí an Chros i gcúram na nAibhistíneach. Chonaic an staraí Roderick O'Flaherty í i 1680 agus rinne sé cóip den inscríbhinn. Chonaic George Petrie, an t-ársaitheoir, sa bhliain 1822 í.

Ba é an tAbh Aibhistíneach deiridh ar Chonga ná an tAth, Patrick Prendergast, a bhí ina shagart paróiste freisin. Bhí an Chros i meas a chuid maoine nuair a fuair sé bás i 1829. Dhío a chomharba an tAth. Michael Waldron, an Chros leis an matamaiticeoir James MacCullagh ar 100 gine. Thug MacCullough d'Acadamh Ríoga na hÉireann í i 1839.

Rinne sagart paróiste eile ar Chonga, an tAth. Patrick Lavelle iarracht an Chros a ghoid ón Acadamh chun í a thabhairt ar ais go Conga thart ar 1870. Shiúil sé isteach san Acadamh agus d'iarr sé í a fheiceáil. Chuir sé cn Chris faoina chasóg agus shiúil sé amach léi. Rugadh air, ágach, agus gabhadh é sular shroich sé stáisiún na traenach .

Aistríodh Cros Conga ó Acadamh Ríoga na hÉireann go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann mar atá anois sna 1880í.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions