Faigh amach faoi thraidisiúin na hÉireann i ndéanamh troscáin agus rothlu adhmaid.
Ón dara leath den naoú haois déag ar aghaidh, bhí troscán cosúil le cathaoireacha, drisiúir, boird agus leapacha frámaithe an-choitianta sna tithe ba bhoichte fiú, mar bhí daoine ag éirí níos rachmasaí agus bhí fáil níos mó ar chineálacha adhmaid níos saoire. Thóg saoir adhmaid, siúinéirí agus rothadóirí , troscán chun leas a bhaint as an spás thart ar na ballaí agus as an easpa spáis a bhí ar an urlár laistigh den teach.
Is dócha gurb é an suíochán an cineál is sine de na cineálacha troscáin uile agus ar fud an taispeántais tá neart stíleanna de stóil agus cathaoireacha, lena n-áirítear cathaoireacha súgáin (rópa) agu cathaoireacha tuí, ar taispeáint. Is stíl iad cathaoireacha siúnéirí a d'fhorbair siúinéirí ag tús na 19ú haois mar aithris ar an stíl Leasríochta. Tá said i gcodarsnacht láidir leis na cathaoireacha le cúil círe den ré chéanna a rinneadh as adhmad a fuarthas sa chlaí.
An Saor Adhmaid
Bhain an saor adhmaid speisialaithe – an deileadóir – úsáid as deil chun píosaí adhmaid a mhúnlú i réimse nithe ciorclacha nó sorcóireacha cosúil le babhlaí agus ubhchupáin, nó cosa do spáid agus cluasa d’uirlisí ceardaithe.. Is éard atá sa deil san fhoirm is simplí ná bíomaí cothrománacha le corr feiste ar a gcastaí an píosa adhmaid a bhí le múnlú.
s forbairt í an deil chleithe ar an deil bhunúsach; feidhmíonn sé ar an bprionsabal go gcastar an píosa adhmaid trí chordaí a chur timpeall air, le taobh amháin den chorda nasctha leis an troitheán (luamhán a bhrúitear leis an gcos), agus an ceann eile le cuaille solúbtha os a chionn. Lig an deil chleithe don cheardaí obair a dhéanamh ar thaobh amháin den adhmad ag am ar bith, rud atá éagsúil ón deil nua-aimseartha lena rothlach leanúnach. Chiallaigh sé seo go bhféadfadh sé srón a fhágáil ar an adhmad a d'fhéadfaí a shníomh níos déanaí chun hanla a dhéanamh de.
Bhí James Loftus as Buiríos Uí Chéin, Co. Thiobraid Árann (1851–1933), ar cheann de na deileadóirí cleithe traidisiúnta deiridh..
An Cúipéir
Rinne an cúipéir soithigh adhmaid le cantaí la húsáid sa bhaile agus ar an bhfeirm; ina measc bhí cuinneoga, baraillí agus buicéid chomh maith le soithigh d'ithe, ól agus leacht a stóráil. De ghnáth thugtaí pigíní ar na cinn ba mhó de na soithigh seo agus naigíní ar na cinn ba lú.
Mhúnlaítí na cantaí adhmaid go cúramach ar cheithre thaobh ionas go luífidís le chéile go teann agus choinnítí in áit iad le lataí iarainn nó le slataí sailí nó le collslataí. Bhí obair an chúipéara riachtanach do theaghlaigh tuaithe a raibh éagsúlacht soithí de dhíth orthu chun bainne a phróiseáil, éadaí a ní agus bia a stóráil.
Bhí Ned Gavin as Béal Átha na Neach, Contae an Chabháin, nach maireann, ar cheann de na cúipéirí tuaithe deireanacha gníomhacha go dtí go ndeachaigh se ar scor sna 1980í déanacha. D'fhoghlaim se a cheird le printíseacht ocht mbliana go leith agus sholáthraigh secuinneoga ime agus soithigh déiríochta eile do chustaiméirí i dtuaiseacrt agus iarthar na tíre.