Scipeáil chuig ábhar

Naomh Pádraig

'St. Patrick's day in the morning' (Bailiúchán an Ard-Mhúsaeim - F:2005.234)

Déantáin a bhaineann le Naomh Pádraig ó Bhailiúchán Shaol na nDaoine de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Naomh Pádraig agus Traidisiúin na nDaoine.

Is é 17 Márta lá fhéile éarlamh na hÉireann. Déantar é a chomóradh in Éirinn agus ar fud an domhain, le mórshiúlta agus imeachtaí reiligiúnacha agus cultúrtha. Tá na traidisiúin atá fós beo inniu tar éis teacht anuas chugainn leis na céadta bliain agus tá fianaise orthu le fáil i mBailiúchán Shaol na nDaoine san Ard-Mhúsaem.

Is traidisiún déanach go leor é an traidisiún gur úsáid Naomh Pádraig an tseamróg chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú.  Ní dócha gurbh éigean an coincheap go raibh trí phearsa in aon dia amháin a mhíniú do na Gaeil, de bhrí go raibh tréanna go leor sa traidisiún reiligiúnach réamh-Chríostaí.

Thug Thomas Dinely, Sasanach a thaistil tríd an tír seo i 1681, faoi deara gur chaith daoine de gach aicme crosa i gcuimhne ar an naomh ar an lá seo, ach gurbh iad an daoscarshlua amháin, mar a thug sé orthu, a chaith an tseamróg.

Sna céadta bliain ó shin, leanaí amháin a chaith crosa agus ba í an tseamróg a chaith daoine fásta. Ba mhinic na crosa seo ar shuaitheantas ciorclach. Ba nós páipéar daite a úsáid i suaitheantais na mbuachaillí chun an chros agus an maisiú a dhéanamh. Fabraic agus ribín daite a bhíodh i suaitheantais na gcailíní, agus na ribíní cruinnithe le chéile i róiséad beag maisithe ar fhoircinn na croise. Chaitheadh buachaillí iad ar a gcaipíní tráth ach níos déanaí thosaigh an nós iad a chaitheamh ar an ngualainn dheas faoi mar a chaith na cailíní iad. Faoi 1908 bhí róiséid bheaga de shíoda geal agus crosa greamaithe orthu ar díol ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. As na crosa seo do leanaí a tháinig na róiséid a fheictear inniu.

Is eol do chách go mbíonn faoiseamh ag daoine ó shrianta an Charghais ar an 17 Márta, in onóir an éarlaimh.

Ar a lá féile, ba nós béile ina mbeadh feoil a ithe tar éis an Aifrinn. ‘Iasc an Charghais’ a thugtaí air uaireanta, de bhrí gur creideadh gur ith Pádraig feoil le linn an Charghais ach gur tháinig cathú air. Dúirt aingeal leis a raibh fágtha den fheoil a bhí ite aige a chur in uisce, agus gur iompaigh na rúinní bia ina n-éisc. Is cosúil go bhféadfadh daoine feoil a ithe mar ‘Iasc Phádraig’ a fhad is a dtumfaí in uisce í.

Téarma coitianta ar dheoch alcólach a d’óltaí ‘leis an tseamróg a bhá’ ab ea Pota Phádraig. Tar éis deoch a ól in onóir Naomh Pádraig, chaití an tseamróg thar an ngualainn ar mhaithe le hádh mór.

Ba nós leis an nGluaiseacht Staonadh ón Ól sa chéad leath den 19ú haois déag díriú ar an ró-ólachán a tharlaíodh ar lá na féile, agus bhíodh mórshiúlta acu ar an lá. Bhíodh máirseálacha ann ar fud na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig roimhe sin ach ba iad na chéad mhórshiúlta maisithe seo ag lucht staonadh ón ól na chéad pharáidí a raibh iarracht den charnabhal ag baint leo. Sa Bhreatain, i Meiriceá, i gCeanada agus san Astráil, d’eagraigh cumainn charthanachta a bunaíodh d’imircigh Éireannacha ina dtíortha nua paráidí móra ceiliúrtha.

Sna 1950í luatha, chuaigh an Cumann Náisiúnta Talmhaíochta agus Tionsclaíochta i gceannas ar an bparáid i mBaile Átha Cliath chun tionsclaíocht na hÉireann a chur ar taispeáint don phobal, faoi anáil na bparáidí móra a bhí ag tarlú thar lear. Bhíodh flótaí a bhí maisithe ag gnólachtaí agus bannaí máirseála le feiceáil sna paráidí seo. Ó 1970 amach, ba é Turasóireacht Bhaile Átha Cliath a d'eagraigh an pharáid go dtí gur bunaíodh Coiste Lá Fhéile Pádraig i 1995. Chuir an Coiste seo síneadh leis an bhféile chun féile deireadh seachtaine a dhéanamh de.

Clodagh Doyle, Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe, a chum
 

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions