Scipeáil chuig ábhar

An tEarrach

Cros Phádraig, Co. Chill Dara

Féilte traidisiúnta agus béaloideas i dtaobh an earraigh in Éirinn


Naomh Bríd

Ba é Lá Fhéile Bríde chéad lá an earraigh, bhí dlúthbhaint idir an naomh seo agus bandia na torthúlachta. Séasúr fáis agus saoil nua ab ea é ar an bhfeirm agus bhíodh daoine ag féachaint ar aghaidh ag súil le haimsir níos cineálta agus na laethanta ag dul chun síneadh. Ar mhaithe leis an teaghlach, na hainmhithe agus barra a bheadh le cur a chosaint, rinneadh crosa in onóir Naomh Bríd lena beannacht a impí. Bhíodh raidhse stíleanna ann – as tuí, luachra, nó ábhair nádúrtha eile – agus chrochtaí iad sa teach agus amuigh sa scioból. Ba nós é béile ceiliúrtha prátaí agus ime a ithe oíche Lá Fhéile Bríde.

I gceantair áirithe faoin tír, théadh ‘Biddy Boys’ (nó cailíní) ó theach go teach le samhail den naomh, a dtugtaí ‘Biddy’ air, ag bailiú airgid agus bia do chóisir in onóir Naomh Bríd. Uaireanta bheadh geirnín nó cros ar iompar ag na ‘Biddy Boys’ agus bheadh ar mhuintir an tí siúl tríd. Dhéanaidís amhlaidh ag súil go gcosnódh an naomh ar bhreoiteacht iad sa bhliain rompu.

An Carghas

I gcaitheamh an Charghais – tréimhse reiligiúnach ceathracha lá – staonadh daoine ó fheoil, uibheacha agus táirgí déiríochta. Bhí daoine níos dáiríre san am atá caite faoi throscadh an Charghais a choinneáil, murab amhlaidh agus inniu. D’ití éisc uaireanta mar aon le leite, prátaí agus arán tirim. Ar Mháirt na hInide – an lá roimh thús an Charghais – d’ullmhaigh daoine don tréimhse throscaidh trí gach feoil agus táirge déiríochta a bhí sa teach acu a ithe.

Ba ghnách pancóga a dhéanamh le huibheacha, im agus bainne a ghlanadh. Bhíodh an-tóir ar Mháirt na hInide mar lá pósta de bhrí nach gceadaítí póstaí le linn an Charghais.

‘Domhnach na Cailce’ a thugtaí ar an gcéad Domhnach den Charghas agus ar an lá seo ba nós le páistí rith i ndiaidh daoine neamhphósta sa cheantar agus ‘X’ a bhreacadh ar a ndroim, ar a gcuid éadaí, rud a bheadh le feiceáil ag an uile dhuine tar éis an Aifrinn.

Naomh Pádraig

Tugtar onóir do Naomh Pádraig, éarlamh na hÉireann, ar an 17 Márta, an lá a ghlactar sos ó shrianta an Charghais. Dhéanadh páistí ‘crosa Phádraig’ - suaitheantais déanta as éadach agus páipéar. Chaithidís na crosa seo ag dul ar Aifreann dóibh agus ina dhiaidh sin chuig paráid agus ceiliúradh ina gceantar féin. Chaitheadh daoine fásta an tseamróg an lá sin mar gur creideadh gur leis an tseamróg a mhínigh Naomh Pádraig an Tríonóid Ró-Naofa – trí phearsa in aon Dia amháin. Um thráthnóna, seans go dtumfaí an tseamróg isteach i ndeoch alcólach, a dtugtaí ‘Pota Phádraig’ air, agus d’óltaí deoch in onóir an naoimh.

Ba é maidin Chásca deireadh an Charghais agus deireadh an troscaidh. Bhaineadh daoine an-taitneamh as an mbricfeasta speisialta as uibheacha agus earraí déiríochta a bhí cruinnithe acu le linn an Charghais. Ba ghnách dóthain uibheacha a bheith ann le go maiseodh na leanaí iad lena n-úsáid i gcluichí Cásca.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions