Scipeáil chuig ábhar

Lá Bealtaine

Mar ba ghnách i gcuid mhór de thuaisceart an hEorpa, ba cheiliúradh agus fáilte roimh an samhradh é Lá Bealtaine in Éirinn.

Sceach Gheal na Bealtaine

Sceach mhaisithe ab ea Sceach Gheal na Bealtaine, agus i gceantair tuaithe d'fhágtaí taobh amuigh den teach í. Sna bailte, chuirtí in airde i áit phobail í.

Uaireanta bhíodh sí á hiompar timpeall anc cheantair ag daoine fásta ach níos déanaí, is leanaí a dheineadh é seo.

Ba i gcúige Laighean agus i lár na tíre ba láidre a bhíodh an traidisiún, ag síneadh siar go Gaillimh agus ó thuaidh go deisceart Uladh agus Dún na nGall.

Ba mhinic gur sceach gheal féin a d'úsáidtí. De ghnáth, is ribíní, sraoilleáin éadaigh agus b'fhéidir tinsil a bhíodh in úsáid mar mhaisiúchán.

Uaireanta bhaintí úsáid as na blaoscanna uibhe daite a bhí fágtha i ndiaidh Dhomhnach na Cásca mar mhaisiúcháin.

Uaireanta, bhíodh coinnle greamaithe léi.

Ba rann é ‘Long Life, a pretty wife and a candle for the May Bush’ a bhíodh á aithris ag páistí i mBaile Átha Cliath agus iad ag lrog airgid do choinnle, airgead nó milseáin dá gceiliúradh Bealtaine.

Uaireanta dheintí na sceacha pobail a dhó tráthnóna Lá Bealtaine. Bhí baint ag an sceach le hádh an tí nó an phobail agus i gcathracha bhíodh súil ghéar á coinneáil uirthi ar eagla go ndéanfadh grúpa naimhde iarracht í a ghoid.

Maireann an nós de sceach Bhealtaine a chur in airde fós mar thraidisiún teaghlaigh aonair,a ch go háirithe i lár na tíre.

Bhí na sceacha maisithe seo ag roinnt tithe ar an mbóthar seo, ceann i ndiaidh a chéile.

Stiallacha de mhálaí plaisteacha bána nó gorma greamaithe leis an sceach ab ea formhór an mhaisiúcháin.

Leagan ní ba mhó de Sceach na Bealtaine ab ea Géag na Bealtaine, agus bhí sé seo níos coitianta i gcúige Mumhan. Bhaintí úsáid as cuid níos mó de chrann, in áit na sceiche. Bhí sé seo le húsáid lasmuigh de thithe nó in áit phoiblí éigin sa phobal. Bhíodh sé maisithe amhail Sceach na Bealtaine.


Crainn Bealtaine

Bhí Crainn Bealtaine le fecieáil i roinnt bailte móra agus b'fhéidir gur léiriú is ea iad ar thiomchar áirithe Sasanach. Sa bhealach féiltiúil seo chuir pobail fáilte roimh an samhradh. Bhí crainn Bealtaine i neart bailte, amhail Cill Chainnigh, Móinteach Mílic, Cill Dara agus An Longfort. Bhí traidisiún láidir ann in oirthuaisceart na hÉireann freisin, ar nós Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin.

Bhaintí úsáid as crainn mhóra ar dtús ach ina dhiaidh sin cuireadh cuaillí foirmiúla i lár an bhaile. Bhídís maisithe le bláthanna agus ribíní agus, mar a bhíodh i Sasana, áit a raibh an traidisiún níos forleithne, dheintí damhsa agus spórt mórthimpeall an chrainn.

Bláthanna Bealtaine

Dheintí bláthanna Bealtaine a phiocadh sa tráthnóna roimh Lá Bealtaine agus ba mhici páistí á dhéanamh seo, a chuaigh thart á mbailiú.

Tinte Cnámha & Damhsa

Is ionann an chiall atá le 'idir dhá thine Bhealtaine' agus an nath Béarla ‘between a rock and a hard place’. Dheintí ba a thiomáint trí na luachra de thinte Bealtaine chun dea-shláinte a fháil dóibh don bhliain a bhi ag teacht. Bhíodh tinte cnámha ann ar Oíche Bealtaine ar fud na hEorpa ach mhair an traidisiún don chuid is mó in oirthear na hÉireann agus i gcodanna de chúige Mumhan.

Cé go mbíodh tinte cnámha beaga áitiúla agus teaghlaigh ann chun an deá-ádh a chinntiú, mhair traidisiún na dtinte móra pobail, ach go háirithe sna cathracha, m.sh. Luimneacg agus B eal Feirste. Sa iarthar, ba mhinice tinte cnámha a bheith ann ar Oíche Shin Sheáin agus in áiteanna eile ba í Oíche Shamhna an oíche do thinte.

Bhíodh damhsa ann ag ceiliúradh thinte cnámha na Bealtaine. Bhíodh sé ar siúl freisin timpeall an chrainn Bealtaine nó nuair a bhíodh Sceacha Geala á ndó. Am a bhí anseo le leanúnachas an phobail a cheiliúradh. Is éard a bhí sa damhsa de ghnáth na na fir agus na mná ag cur lámha le chéile chun ciorcal mór a dhéanamh le damhsóir ag gluaiseacht isteach agus amach sa chiorcal faoina lámha agus ag bailiu damhsóirí eile chun leanúint ina ndiaidh. Tá curtha síos air seo mar léiriú at nathair nimhe ag casadh agus mar léiriú ar ghluaiseachtaí na gréine. Tá sé cosúil le cluiche na bpáistí 'In and out go the dusty bluebells' - ba ghnách na bláthanna beaga seo a phiocadh i mí Bealtaine freisin.

Mórshiúlta Muire

Ón mheánaois in Éirinn i leith, ta nasc láidir leis an deabhóid do Mhuire i rith mhí na Bealtaine. Tá neart de na traidisiuin a bhaineann le Bealtaine curtha san áireamh sna mórshiúlta Muire a bhíonn ann ar fud na tíre.
Bhailigh leanaí agus daoine fásta blathanna mar choróin do Mhuire ie mórshiúlta baile. Bhain siad úsáid astu freisin chun fochlaí, scrínte agus altóirí eaglaise a mhaisiú. Bhí se coitianta, agus ta fós, altóir baile a bheith ann sa chistin nó taobh amuigh sa chlós feirme. Uaireanta dheintí crosa as na bláthanna a piocadh don altóir seo. Leanadh de chothabháil na n-altóirí seo agus le hatnuachan na mbláthanna ón 1 Bealtaine, ar feadh na míosa.
 

Bring flowers of the rarest
bring blossoms the fairest,
from garden and woodland and hillside and dale;
our full hearts are swelling,
our glad voices telling
the praise of the loveliest flower of the vale!
O Mary we crown thee with blossoms today!
Queen of the Angels and Queen of the May.
O Mary we crown thee with blossoms today,
Queen of the Angels and Queen of the May…
- Iomainn Bhealtaine do Mhuire

 

Gadaíocht Ime

Bhí Lá Bealtaine bainteach go speisalta la gadaíocht ime: gadaíocht ar bhrabach ime an teaghlaigh. Dheintí na ba a chosaint trí bhláthanna a ghreamú timpeall a gcloigne agus uaireant dheintí ribíní dearga nó píosaí caorthainn a ghreamú lena n-eireabaill. Credeadh gur thug sé seo cosaint dóibh ar shúil an olcais.
Bhíodh an chuinneog go mór i gcontúirt ag an am seo, mar sin ba mhinic go gcuirfí nithe da leitheid nó nithe iarainn faoia bun.

Tugadh cuireadh do gach duine a thug cuairt ar a teach ag an am seo casadh a dhéanamh ar an gcuinneog. De ghnáth bheadh paidir le rá agus é seo á dheanamh amhain ‘Beannacht Ó Dhias ar an Obair seo’. Ba mhinic uisce coisricthe a chaitheamh ar na hainmhithe, ar an gcuinneog agus ar na nithe uile a bhain leis an déiríocht. Léiríonn cuid de phriontaí ime i mBailiúchán an Ard-Mhúsaeim an creideamh seo, agus cruth súile orthu. Ba mhinic im Bhealtaine a choinneáil agus a úsáid i bpíosaí beaga le cur leis an gcuinneog agus le nithe déiríochta don dea-ádh agus cosaint.

Ba ghnách le daoine ‘Cuinneog Oíche Bhealtaine’ a dhéanamh agus im na cuinneoige sin a shalannú agus a chur ar leataobh don bhliain a bhí ag teacht. Gach oíche agus gam maidin sula gcuirtí an bainne i bpannaí, d'fhaigheadh an bhean cuid den im ó ‘Chuinneog Oíche Bhealtaine’ agus í a chur sa phanna agus ansin bainne úr a chur isteach. Cuireann ‘cumhacht’ na hime seo an t-im agus an t-uachtar ó ghadaíocht ag na piseoga nó ag cumhacht osnádúrtha ar bith eile.
- Ms. Hannah Daly (22), Annascaul, Co. Kerry, 1941

 

Collóireacht & Réamhaisnéis

B'amanna iad Oíche Bealtaine agus Lá Bealtaine leis an todhchaí a thuar. Bhaineadh mná iarracht as seilidí ar phlúr lena rá roimh re cén fear a phósfaidís.

Nuair tá aiteann gan bhláth, tá pógadh as faisean.

Bíonn aiteann faoi bhláth ó mhí Feabhra go mi na Bealtaine.

Ba í mí na Bealtaine an t-am freisin le staidéar a dhéanamh ar an aimsir agus thabharfadh an aimsir i mí na

Bealtaine réamhaisnéis ar a mbeifí ag súil leis sa samhradh.

Má bhíonn Bealtaine fliuch agus Meitheamh tirim bíonn an feirmeoir ag feadaíl.

Is fiú saithe na mbeach i mí na Bealtaine agus carn féir.

Líonann Bealtaine fhliuch agus ghaothmhar na sciobóil le harbhar agus féar.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions