Scipeáil chuig ábhar

‘ó mhullach go sáil’ – Constáblacht na hÉireann agus an Gorta

Shako (N.M.I. Collection - HA:L.612.73)
Rugadh Alexander Somerville in 1811 faoi chúinsí bochtaineachta, agus amhail go leor daoine ó chúlra dá leithéid, dhéanfadh sé seirbhís d’Arm na Breataine. I ngairm ina dhiaidh sin mar chomhfhreagraí don Manchester Examiner, thaistil Somerville go hÉirinn ag tús na bliana 1847 agus bhí sé báúil leis na daoine a chonaic sé ag streachailt chun maireachtáil. Bhí bá aige freisin leis na saighdiúirí agus leis an gconstáblacht sin a casadh air, ar glaodh orthu ina raon dualgais éagsúla, chun tabhairt faoi na cúraimí breise a bhí ann anois de bharr an Ghorta Mhóir.

Ar cheann de na cúraimí sin bhí iompar béile de chuid na hIndia a thionlacan. Go luath maidin fhliuch ar an 29 Eanáir, 1847, chuaigh Somerville in éineacht lena leithéid de thionlacan ó Chluain Meala, contae Thiobraid Árann a bhí ag dul go Dún Garbhán, contae Phort Láirge. Agus na hullmhúcháin á ndéanamh chun na cairteacha a lódáil agus a chur le chéile chun an béile a iompar, chuir Somerville síos ar shaighdiúirí a bhí ‘ina seasamh san fhearthainn, agus sa láib go dtí na glúine…iad báite …trína gcótaí móra, an marcra trína gcuid clóca’.[1] Bheadh beirt chonstáblacht armtha leis an tionlacan agus nuair a cuireadh le chéile ar fad iad, bheadh seasca haon duine i gconbhua na gcairteacha. Sannadh ‘oifigeach amháin, dhá sháirsint, agus cúig fhear is fiche’ chuige sin'.[2] Agus iad ag dul suas ar na cnoic taobh amuigh de Chluain Meala, dúirt Somerville gur chonaic sé ‘grúpaí de dhaoine salacha’ ag breathnú ar an mbéile ag dul tharstu chun ‘a gcuid a thabhairt do dhaoine thar na sléibhte a bhí stiúgtha leis an ocras cosúil leo féin, ach chuig duine nach ligfeadh siad dó dul chucu murach na hurchair, beaignití, agus claimhte marcra a bhí ansin'.[3]

Níl i gcuntas Somerville ach sampla amháin de na héilimh bhreise a bhí ar phóilíní agus na hacmhainní míleata mar gheall an nGorta. Léiríodh imní faoin gcur isteach a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar strus ocrais agus gá ach tugtar cuntas leis freisin ar éighníomhaíocht choibhneasta an daonra. Bhí rátaí coireachta ard in 1847, agus na cionta a tuairiscíodh 60 faoin gcéad níos airde ná na gcionta a tuairiscíodh an bhliain roimhe sin.[4] Bhí acmhainní na bpóilíní á n-úsáid go hiomlán ag fiosrú tuairiscí ar ghoid eallaigh agus caorach, ar ghoid soláthairtí agus ar ghoid arm. Bhain obair bhreise le cosaint a thabhairt ar ghabháil ainmhithe nó barr, do chléirigh phá Bhord na nOibreacha nó do bhailiú rátaí. I mí na Nollag 1847 thuairiscigh an Cork Examiner go raibh tionlacan 200 póilín de dhíth ar bhailitheoirí rátaí Aontas Dhún Garbhán lena gcuid oibre a dhéanamh.

Sa radharc de chur as seilbh thíos le Daniel Macdonald, is féidir beirt oifigeach de chuid na Constáblachta a fheiceáil, ní mar rannpháirtithe sa bheart ach go mbeadh siad i láthair, dá dtagadh trioblóid ar bith chun cinn. Tá an radharc suntasach mar gheall ar a léiriú réasúnta cáiréiseach. Áiríodh ar chur as seilbh forleathan, go háirithe i ndiaidh 1847, cur síos ar thithe ar baineann an díon díobh agus ballaí ag titim. Ní chuimsítear iad sin i saothar Macdonald ach léirítear iontu sin tabhairt ar láimh neamhréireach eochair an áitribh.

Daniel Macdonald, The Eviction, c.1850. Collection Crawford Art Gallery, Cork.
 
Tugadh an srian seo faoi deara freisin nuair a cuireadh tús le hoibreacha poiblí a fhoirceannadh go luath in 1847. I mBaile an Róba, contae Mhaigh Eo ‘d’éirigh na hoibrithe as go ciúin agus faoi éadóchas iomlán’ agus i gCill na Leice, contae an Chabháin, dúradh go raibh na fir ‘an-bhocht ar fad’ ach ‘ní dhearnadh aon iarracht ar fhoréigean’.[5]

Tháinig méadú an-suntasach ar láithreacht an airm in Éirinn le linn na 1840í, ag méadú ó 15,046 in 1843 go 29,500 in 1849.[6] Mhéadaigh líon na gconstáblaí ó 9,100 in 1845 go 12,500 in 1850 agus dúirt Alexander Somerville é seo thíos i mí Eanáir 1847 maidir leis an líon póilíní a bhí le feiceáil.
‘i ngach cearn den oileán, ar gach bóthar, i ngach sráidbhaile, fiú ar an talamh feirme, agus ar an gcladach, agus ar na hoileáin bheaga amuigh san fharraige. Caitheann na póilíní sin éide ghlas dhorcha agus tá siad armtha; sin an rud a fhágann go bhfuil siad ar leith, iad armtha ó mhullach go sáil'
Agus iad ina mic le feirmeoirí tionóntaí go minic, bhí siad ag streachailt le déileáil leis na héilimh bhreise a tháinig as an nGorta. Cé gur tháinig méadú ar na líonta foriomlána le linn an Ghorta, bhí na rátaí báis le linn dualgais sa Chonstáblacht ard idir 1847 agus 1849 agus tuairiscíodh gur cailleadh go leor a bhí ‘ag lorg tearmainn ó obair iomarcach dá leithéid’.[8]

Go pointe áirithe, mar a léirítear iad i bpictiúr Daniel Macdonald, sa chúlra agus ní sa príomhfhócas spéise, léiríonn a láithreacht cineál uile-chuimsitheach an Ghorta Mhóir agus an tionchar a bhí aige, ar mhéideanna éagsúla, ar gach cuid den daonra.
 

[1] Somerville, Alexander, Letters from Ireland during the Famine of 1847, (1994), Dublin, Irish Academic Press, p.39.
[2] Somerville, Alexander, Letters from Ireland during the Famine of 1847, p.39.
[3] Somerville, Ibid, p.41.
[4] Lowe, W.J., ‘The Irish Constabulary in the Great Famine’, in History Ireland, Winter, 1997, Vol. 5, No.4, p.33.
[5] Woodham-Smith, Cecil, The Great Famine in Ireland, 1845-1849, Hamish Hamilton, 1962, p.285.
[6] Prunty, Jacinta, ‘Military barracks and mapping in the nineteenth century: sources and issues for Irish urban history’, in Surveying Ireland’s Past: Multidisciplinary Essays in Honour of Anngret Simms, (eds Clarke, Howard B., Prunty Jacinta and Hennessy Mark), Geography Publications, Dublin, 2004, p. 497.
[7] Somerville, Ibid, p.28.
[8] Lowe, ‘The Irish Constabulary in the Great Famine’, p.37

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions