Scipeáil chuig ábhar

Cros na bPéindlíthe

Penal Cross (N.M.I. Collection - F:L1327a)
Cros na bPéindlíthe ó aimsir an Ghorta Mhóir

Cros na bPéindlíthe / Penal Cross
Co. Kerry
F:L1327a

Is ‘Cros Péindlíthe’ mínsnoite é seo, agus is tá sé ar an mbeagán rudaí a bhfuil dáta deifnídeach orthu, ceangailte le tréimhse an Ghorta Mhóir in Éirinn. Inscríofa ar a chúl, gar don bhun, is féidir an bhliain, 1848, a fheiceáil. Snoite ar an gcuid ingearach den chros, tá an t-ainm ‘Mary Kelly, Kerry’.




Maíodh go ndéantaí na crosa seo i gcomharsanacht Loch Dearg, an t-ionad oilithreachta i gcontae Dhún na nGall.[1] Ag tús an Ghorta measadh go raibh suas le 30,000 oilithreach a thug cuairt ar Station Island ar Loch Dearg.  Rachadh na huimhreacha in éag ina dhiaidh sin, agus deirtear gurbh é an gorta de ‘47, an chúis i bpáirt leis sin chomh maith le dídhaonrú ár dtíre, a tharla de bharr na himirce agus an bháis.[2]

Maíonn suíomh Loch Dearg, chomh maith leis na deacrachtaí taistil a bhain leis an turas chuige i lár an naoú haois déag, gurbh as na contaetha in aice láimhe an chuid is mó de na hoilithrigh a thaistealaíodh chuige. Is fíor gur thaistealaíodh oilithrigh agus daoine fiosracha chuige ó níos faide, ach is féidir go dtiteann an cros seo isteach i gcatagóir an ‘fánaí’.[3] Thug taistealaí fiosrach amháin den chineál sin cuntas in 1846 ar pháistí tuathánaigh a dhíoladh crosa beaga chéasta adhmaid, snoite go garbh, le hoilithrigh ar an mbealach chuig an stáisiún ag Loch Dearg.[4]

Ba ghairid an séasúr chun dul ar oilithreacht go Loch Dearg. Ag tosú ag tús an Mheithimh, mhaireadh sé go dtí an 15 Lúnasa. Tharlódh sé seo i ag an am céanna le lon i ngníomhaireacht feirmeoireachta agus ligeadh sé do na hoilithrigh dul díreach roimh thús bhaint an fhómhair.
Chaitheadh na hoilithrigh trí lá ag Loch Dearg agus cuimhnítear ar oilithreach amháin a d’inis scéal faoi thaistil chuige agus barr na bprátaí i mbláth iomlán ach ar an tríú lá, buaileadh an barr, dubhaíodh na duilleoga agus gais, agus bhí aicíd, corbthacht agus drochbholadh san aer.[5]
Ar thaistil bean darb ainm Mary Kelly ó Chiarraí go Dún na nGall i rith blianta deacra an Ghorta Mhóire? Thug cur i gcrích na ngníomhartha creidimh cuí, lena n-áiríodh an troscadh, lánlogha don oilithreach. An raibh níos mó airde ar an mbás, nuair a bhí básanna agus an díothacht agus dul i méid, ina chúis le mian níos láidre chun sólás creidimh a lorg?
Maíonn stíl snoite ainm Mary Kelly agus a contae go ndearna duine eile an chuid seo den chros chéasta. An ndearnadh é chun dáta oilithreachta pearsanta go Loch Dearg a cheiliúradh, nó b’fhéidir gur tugadh go Mary é mar bhronntanas? B’fhéidir gur snoíodh é mar chuimhneachán ar dhuine muinteartha a fuair bás. Faraor, níl na taifid in ann mórán eile a léiriú linn maidir lena bhunús, a chruthaitheoir nó a úinéir ach tugann siad deis dúinn machnamh ar na raonta scéalta caillte ó thréimhse an Ghorta Mhóire in Éirinn.
 
[1] Lucas, A.T., ‘ “Penal” Crosses’ in Louth Archaeological Journal, Im. XIII, Uimh.2, 1954, lch.170
[2] O’Connor, Daniel, an tUrramach, Lough Derg and its pilgrimages, (Baile Átha Cliath, 1879), lch.172 (Toisc méid an oileáin, chomh maith le giorra an séasúr oilithreachta – 1 Meitheamh go 15 Lúnasa – is féidir an meastachán seo a cheistiú.)
[3] Lucas, lch.169
[4] luaite in Lucas, lch.166
[5] Póirtéir, Cathal, Famine Echoes, (Baile Átha Cliath, 1995), lch.36


 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions