Foghlaim faoin gcaoi in ndearna teaghlaigh traidisiúnta na hÉireann a mbia a fhás, a shelg agus a bhailiú.
Rinne teaghlaigh iarracht a bheith féintuilleamaíoch chun a mbia féin a fhás, ag fás grán agus prátaí, torthaí agus glasraí, agus ag bailiú caora fiáine, gairleog agus luibheanna.
Choinnigh formhór na bhfeirmeacha roinnt beithigh amhail muca, ba agsu gabhair d'fheol agus bainne, agus éanlaith chlóis d'fheol agus uibheacha. Dhíol mná an tí aon im agus uibheacha a bhí mar fharasbarr.
Fás agu Ceannach
Choinnigh roinnt teaghlaigh coirceoga freisin chun soláthar de mhil agus céar a bheith ann. Bhí breis éagsúlachta sa bhiaréim ghinearálta le héisc agus le géim gafa.
Sa naoú haois déag níor cheannaigh na teaghlaigh níos boichte ach na nithe nach bhféadfaidís a fhás dóibh féin. Cheannaítí tae, salann, siúcra agus uisce beatha, mar nithe sóchais go hannamh ar dtús, ach níos coitianta ina dhiaidh sin, amhail sóid aráin chun arán laibhínithe a dhéanamh.
Bhíodh bean an tí freagrach as bianna a phróiseáil do chócaireacht nó do stóráil. Ba ghá an gráinne a mheilt, agus caomhnaíodh feoil agus éisc chun a saol stórála a shíneadh.
Uirlísí Cistine
Bhí cineálacha speisialta d'uirlisí cócaireachta de dhíth chun bia a bhruith, a ghríoscadh, a róstadh nó a bhácáil. Ba ghá gach rud a dhéanamh ar thine oscailte ag an teallach. Bhí ar an gcócaire a bheith ábalta potaí troma agus trealamh teallaigh a láimhseáil.
Toisc nach bhféadfaí ach rud amháin ag an am a bheith ina shuí go díreach os cionn na tine, bhíodh na bianna eile in aice láimhe ag suanbhruith nó ag bácáil, agus dá bhrí sin, bhí ord agus amú an ullmhúcháin ríthábhachtach.
Bhaintí úsáid as iarainn aráin chun cácaí coirce a thóstáil agus bhaintí úsáid as an ngrideall chun aráin neamhlaimhínithe agus cistí a bhácáil. Dheintí róstadh ar bhioranna le socrúcháin insocraithe sa chaoi is go bhféadfaí an spóla a ardú nó a ísliú chun é a bhogadh amach ón tine.