Scipeáil chuig ábhar

Máire, iníon Mhikey agus í ag caint faoi na cuimhní atá aici ar chuairt MNÉ go hInis Oírr

Leanaí Chlann Uí Chonghaile agus iad ag súgradh le curacha
Is cuimhin liom nuair a tháinig an litir ón Iarsmalann Náisiúnta ag iarraidh ar m’athair an ndéanfadh sé curach dóibh. Bhí sé breá sásta sin a dhéanamh, agus scríobh mo mháthair ar ais leis na socruithe a dhéanamh, bhi sí níos tréine ar an bpeann ná seisean agus sise a bhí mar rúnaí aige. Bhí muide mar ghasúir ag tnúth go mór leis mar go raibh siad le bheith ar an oileán ar feadh breis agus seachtaine, agus bhí a fhios againn go mbeadh brabach againne freisin, milseáin agus a leithéid.

D’ordaigh mo mháthair an t-adhmad ó shiopa Mhic Dhonncha i nGaillimh agus tháinig sé ar an Naomh Éanna. Thug muid cúnamh do m’athair é a thabhairt aníos ón trá.

Níorbh fhéidir tosnú ar an gcurach go mbeadh foireann na hiarsmalainne san áit mar go raibh grianghrafanna agus tuairisc le déanamh ar an obair ar fad. Bhí muid ar bís!

Déanadh socrú go mbeadh siad ar lóistín le Maim Bean Uí Dhomhnaill, atá béal dorais linn. Chonaic mé pictiúr a tógadh sa teach sin, le Maim agus a muintir, i leabhar ón iarsmalann le deireanas,agus táim cinnte gurbh é Brendan Doyle a thóg é ag an am céanna sin. Is léir ón bpictiúr gur an teach ceoil a bhí ann agus táim cinnte gur bhain Brendan agus John O' Sullivan sásamh as.

Bhíodh siad anuas chuile mhaidin tar éis an bhricfeasta agus bhí siad ann ar feadh an lae. Is ar an ngaineamh taobh amuigh den teach a bhí an curach dá déanamh, mar sin bhí muide mar ghasúir in ann súil a choinnéail ar an obair ar fad. Bhí iontas orainn go raibh an méid sin spéise acu san obair agus iad ag scríobh síos chuile fhocal a dúirt m'athair. Dar ndóigh, bhí pictiúirí dhá dtógáil den obair ar fad. Bhí sé ina obair ag mo mháthair ag cur an ruaig orainn, ag fógairt orainn gan a bheith faoina gcosa! Beirt an-suáilceach a bhí iontu agus mar sin bhí siad céasta againn! Dar ndóigh, bhíodh na milseáin ins na pócaí acu freisin!

Bhí uaigneas orainn nuair a d´imigh siad agus bhain m’athair agus mo mháthair an-sásamh as a dturas freisin. Go deimhin d'airigh na comharsana uathu iad freisin; mar a dúirt mé, bhí siad thar a bheith suáilceach.

Máire Conneely

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions