Scipeáil chuig ábhar

Mhodhanna tradisiúnta feirmeoireachta

Black and white photo of Mary and Ellen McCaughey, Corleaghan, using a sickle to cut crops, Co. Tyrone. c. 1910

Léigh faoi mhodhanna tradisiúnta feirmeoireachta, lena n-áirítear beithigh a bheathú, barraí a fhás agus uirlisí a úsáid.

Glasraí

Prátaí ba ea an príomhbharr glasra agus is furasta iad a fhás fiú amháin ar dhrochithir. Ar fheirmeacha beaga ba mhinic a d’fhástaí iad in iomairí saothraithe a dhéantaí le spáda, ar a dtugtaí ‘iomairí riastála’. D’iompaíodh an feirmeoir an fód thar an bhféar, dhéantaí carn den ithir agus den aoileach chun ceapach ardaithe a chruthú.

Cé is moite de phrátaí ba iad cabáiste, oinniúin agus cairéid na príomhghlasraí a shaothraítí.

Spáda

Ba bheag a bhíodh i seilbh an fheirmeora bhig in Éirinn go hiondúil maidir le hinnealra feirme. Ba bheag eile a bhíodh ar fáil sna feirmeacha ba lú seachas an spád agus ceann nó péire d’uirlisí láimhe eile.

Mar sin féin, b’iomaí spád a bhí ann de gach cineál crutha a d’oireadh do riachtanais agus traidisiúin áitiúla. Bhí dhá phríomhchineál spáide ann: ceann tuaisceartach a mbíodh dhá thaca coise air agus ceann traidisiúnta, a mbíodh taca coise amháin air, agus a bhíodh ar fáil go fairsing sa tír. B’iondúil go ndéantaí an ceann tuaisceartach i muilte spád, agus dhéanadh gaibhne an ceann traidisiúnta gan stró.

Baint na Móna agus Baint an Fhómhair

Tá portaigh fairsing in go leor áiteanna in Éirinn agus gach Bealtaine nó Meitheamh bhaineadh daoine móin chun go mbíodh breosla acu ar feadh an chuid eile den bhliain. Agus iad ag úsáid sleáin (cineál spáide) a mbíodh cruth faoi leith air, bhaintí na céadta fód móna ar an bportach áitiúil. Bhí dhá phríomhchineál sleáin ann: sleáin gearrtha coise agus sleáin gearrtha brollaigh, ghearradh an ceann deiridh go cothrománach isteach sa bhruach móna. Leagtaí na fóid ghearrtha amach chun go dtriomóidís tamall ón mbruach móna, sula ndéantaí cairn nó cruacha díobh.

De bharr gurbh éigean an mhóin a iompar ó thalamh bog an phortaigh mhair roinnt cineálacha iompair sórt deireanach in áiteanna in Éirinn. B’fhearr le muintir chósta thiar na hÉireann an t-asal le cléibh (ciseáin) ar an dá thaobh. Mhair an carr sleamhnáin gan rotha agus an chairt a raibh rotha bloic uirthi isteach i lár an fichiú haois i roinnt ceantair chlochacha sa taobh thoir den tír.

Cur Síl

I ndiaidh na treabhadóireachta chun an fód a bhriseadh, tharraingítí bráca (gléas mór ar gheall le ráca é) ar feadh na talún chun na fóid ithreach a bhriseadh suas i gcréafóg ní ba mhine. B’fhéidir go dtarraingeofaí rollóir cloch trom ar feadh na talún chun é a bhriseadh suas tuilleadh go fiú. Chuirtí an síol ansin. D’úsáidtí an bráca athuair chun an síol a mheascadh leis an ithir agus chuidíodh an rollóir leis an síol a chlúdach ó éin agus chun an síol a bhrú isteach san ithir.

Speala agus Barra Lomtha

Roimh aois na meaisíní lomtha, bhaintí úsáid as speal chun an barr a ghearradh. B’iondúil gur fhir a bhíodh á luascadh, bhaintí úsáid as speala chun féar a ghearradh – an barr ba mhinice a ghearrtaí a d’úsáidtí mar bhia d’ainmhithe. Bhaintí úsáid ní b’fhairsinge as speala in Éirinn ó thús an naoú haois. Bhaintí úsáid as corráin nó bileoga roimh an speal agus b’fhearr le roinnt buainteoirí iad fós, go háirithe i measc na mban. Modh cúramach gearrtha a bhí i gcorráin dá samhail a thugadh deis don bhuainteoir an síol fíorluachmhar a choinneáil in áit ligean dó é a thitim den ghas agus chun gearradh fiailí a sheachaint.

Barra a Shúisteáil agus a Cháitheadh

Sular tháinig meaisíní buailte ar an bhfód, bhíodh súisteáil ar cheann de na modhanna a d’úsáidtí chun na gráinní a chroitheadh ó na crotail. B’fhurasta súistí a dhéanamh: b’iondúil an hanla (a rinneadh as coll de ghnáth) agus an buailteoir (a rinneadh as crann cuilinn) a cheangal le lúb leathair. Bhíodh bealaí éagsúla ann ó cheantar go cheantar chun an t-ábhar a cheangal le chéile.

Bhí dhá phríomhchineál súiste in Éirinn: cineál amháin ba ea caipín leathair a chur ar gach maide a bhíodh á cheangal le hiall. D’fhaightí seo i gCúige Laighean agus in oirthuaisceart na hÉireann agus síltear gur ón mBreatain Mhór a tháinig sé. Tá an cineál seo súiste ar fáil i Lár na hEorpa freisin. Maidir leis an dara cineál súiste, cheanglaítí na maidí le hiall a bhíodh i gclais a ghearrtaí timpeall cheann gach maide. Tá an cineál seo súiste seo ar fáil freisin i ndeisceart na hIorua agus i roinnt ceantair iargúlta i ndeisceart na hEorpa.

Is éard a bhí sa cháitheadh an próiseas ina mbaintí úsáid as an ngaoth chun an cháithleach ní b’éadroime a bhaint, ní fhágtaí ina dhiadh seo ach an gráinne. Agus é ag úsáid ciseán cáite, chaitheadh an feirmeoir an meascán gráinne agus cáithlí in airde, ligeadh sé don ghaoth an cháithleach a thabhairt chun siúil de réir mar a thiteadh an gráinne ba throime chun talún. Ar na cora chun feabhais tá meaisíní buailte a bhuaileann agus a cháitheann an gráinne agus comhbhuainteoirí a ghearrann é freisin. 

Beostoc

Bhíodh roinnt ainmhithe tí ina seilbh ag formhór na dteaghlach feirme in Éirinn a mbíodh a bhfeidhm ar leith féin acu. Bhíodh bia luachmhar ar fáil ó bha, muca, caoirigh agus éanlaith i gcás aiste bia arbh iondúil leis a bheith teoranta go maith; ba chumhachtaí i bhfad capaill agus asail ná neart na bhfear agus bhítí in ann caoirigh a lomadh dá gcuid olann. Bhíodh géarghá le capaill don obair throm feirme amhail treabhadóireacht agus bhídís in ann cairteacha le hualach trom a tharraingt ar feadh aistir fhada. Os a choinne sin, ba é an t-asal ‘capall’ na feirme bige agus b’fhairsinge é in iarthar na hÉireann. Agus é feistithe le srathair agus péire ciseán cléibh, bhíodh asal in ann móin, aoileach agus feamainn a iompar. 

B’iondúil go dtógtaí caoirigh agus gabhair ar thalamh nach mbíodh oiriúnach go leor d’ainmhithe féarach eile, agus b’fhoinse bainne iad na gabhair agus bhídís go maith chun fásra fiáin a cheansú.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions