Scipeáil chuig ábhar

Caomhnú Feabhais

D’fhéadfadh réada a ghlanadh, réada sobhriste a neartú, maisiúchán dromchla a nochtadh agus mionscrúduithe eolaíochta ar réada a bheith i gceist. 

Is baill foirne atá sainoilte i roinnt disciplíní caomhnaithe ar leith, lena n-áirítear teicstílí, stair an dúlra, seandálaíocht, troscán, páipéar agus criadóireacht (le gloine agus clocha), a thugann faoi na próisis seo, agus bíonn siad ag feidhmiú i stiúideonna ar leith faoi scáth iomlán na Rannóige Caomhnaithe. 

Pléitear le fríotha seandálaíochta tábhachtacha i Rannóg Caomhnaithe an Mhúsaeim, áit a ndéantar iad a ghlanadh, a chobhsú agus a mhionscrúdú. Le blianta beaga anuas bhí roinnt fionnachtainí tábhachtacha i gceist leis seo ó phortaigh móna na hÉireann, lena n-áirítear Leabhar an Fheadáin Mhóir.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions