Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.269

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta

Contae Loch Garman, Currach Cló - Plean, cuid an tí agus aghaidhchló tí.

Páipéar fite, dúch priontála dubh, peann luaidhe. Airde 569mm. Leithead 762mm.

Taispeánann plean an tí mhóir aon stóir roinnt spásanna cónaithe lena n-áirítear cistin, parlús, stór déiríochta agus ceithre sheomra. Tugann sé seo léargas ar na cúinsí maireachtála ní ba shaibhre a bhíodh ann in oirdheisceart na tíre tráth dá raibh. Tá an doras tosaigh ar aon líne leis an teallach agus síneann sé isteach i limistéar an phóirse. Folaíonn balla ursaine an póirse ón teallach. Déantar ailtireacht den stíl dhúchasach a aicmiú de réir shlí isteach an tí, agus aicmítear an teach seo mar theach a bhfuil slí isteach teallaigh forsheomra ann. Taispeánann cuid an tí an struchtúr tine oscailte agus simléar. Tá léaráid ann de chrúca daingnithe atá ar crochadh laistigh den simléar.

Tá tógáil ballaí láibe nó créafóige níos coitianta in oirthear agus in oirdheisceart na hÉireann de bharr gur theo iad. I gcás na dtithe seo, is iondúil go mbíodh bunsraitheanna níos leithne de chlocha garbha acu ar a thógtaí na ballaí agus ballaí ní ba leithne ag an mbun. Bhíodh díonta le sceimheal starrach orthu freisin. Dhéantaí na gnéithe seo a dhearadh chun an teach a chosaint ó uisce.

Suíomh:


Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions