Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.263

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta

Contae Loch Garman, Currach Cló - Plean, cuid an tí agus aghaidhchló tí.

Páipéar fite, dúch priontála dubh, peann luaidhe. Airde 565mm, Leithead 763mm.

Tá an teach atá le feiceáil sa phlean seo leagtha amach de réir leagan amach leathchlóis. Tá an teach trí sheomra a bhfuil cruth tradisiúnta air ar dronuillinn leis an síneadh atá taobh leis ar chúl an tí, rud a chruthaíonn leathchlós. Is iad na clóis a bhfuil leagan amach difriúil orthu an cineál clóis feirme is coitianta. Mar sin féin, is caol an seans go mbíodh an leathchlós seo ina chlós feirme de bharr nach bhfuil aon fhuinneoga nó doirse a shíneann chomh fada leis ón teach.

Ón aghaidhchló, tuigtear dúinn go bhfuil céim suas chun an tí tríd an bpóirse seachtrach a bhfuil ballaí gearra air. Ar theacht isteach an doras duit, cuireann balla ursaine limistéar an teallaigh ó radharc. Cruthaíonn an balla seo sórt slí isteach limistéir forsheomra chun an tí. Mar a feictear go minic i dtithe le parlúis, amhail an ceann seo, tá an parlús ar fáil sa seomra ar chúl an teallaigh.

Suíomh:


Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions