Rialacha Iontrála
Iarrtar ar iarrthóirí fógra réasúnta a thabhairt chun áiseanna taighde na rannóige Ealaíne & Tionscail a úsáid. Caithfear iarratais a dhéanamh i scríbhinn ar an bhfoirm oifigiúil agus iad a sheoladh chuig An Coimeádaí, an Rannóg Ealaíne & Tionscail, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7.
Ba chóir coinní a eagrú leis an gCoimeádaí ábhartha. Sannfar bloc ama do thaighdeoirí inar féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh. Ba chóir iarratais ar am breise a dhéanamh tríd an gCoimeádaí.
Is iad na huaireanta freastail ná: Luan - Aoine 10:00 – 12:30 agus 14:00 – 16.45.
Gheobhaidh taighdeoirí rochtain ar an limistéar taighde, “maidin agus tráthnóna” tríd an gCoimeádaí, ar chóir dóibh dul i dteagmháil leis/léi tríd an mball foirne a bheidh ar dualgas san ionad fáiltithe.
Ní mór do thaighdeoirí leabhar tinrimh a shíniú gach lá.
An Chartlann Páipéir
Is éard atá i gcartlann páipéir na rannóige ná:
- Lámhscríbhinní agus cláir chlóscríofa de shaothair faighte. Caithfear na cláir a chur ar ais ina suíomh ag deireadh gach seisiún maidine agus tráthnóna.
- Taifid lámhscríbhinne eile i leabhair chomhfhreagrais agus i gcomhaid chartlainne na rannóige. Nuair atá cartlanna lámhscríbhinní/páipéir á n-úsáid, ní féidir ach peann luaidhe a úsáid agus níl sé ceadaithe rianú a dhéanamh ná ceamaraí ná gléasanna cóipeála a úsáid. Caithfear a bheith an-chúramach le Cláir Lámhscríbhinní.
- Doiciméadú ríomhairithe ar na bailiúcháin.
- Tá Innéacs Cártaí ar shaothair faighte, cheirdeanna srl. ar fáil.
- Innéacs Fótagrafach ar mhórán de na réada sna bailiúcháin. Ba chóir iarratais ar ghrianghraif a phróiseáil trí Roinn Riaracháin an Mhúsaeim.
Ní dhéanann ná ní fhaigheann taighdeoirí seachtracha glaonna teileafóin de ghnáth ach amháin i gcásanna práinneacha.
Faigh amach tuilleadh faoi na seirbhísí taighde atá ar fáil tríd an Leabharlann.
Réada a Scrúdú
Bheifí ag súil go mbeadh cuardach irise déanta ag taighdeoirí maidir leis na déantáin a bhaineann lena réimse taighde agus bheifí ag súil go gcuirfeadh siad a gcuid liostaí féin le chéile de réada sa Mhúsaem ón ábhar doiciméadaithe. Ní mór uimhreacha suímh a bheith ag gabháil le liostaí de na réada atá le fáil ó stórtha na rannóige.
Caithfear a bheith an-chúramach leis na réada agus ní mór treoracha na foirne ina leith a leanúint. Tá cosc ar theimpléid miotail a úsáid nó ar réada a mharcáil ar aon bhealach (peann luaidhe, téip chumhdaigh, blu-tac srl.).
Ní mór aire a thabhairt agus na réada a chur ar ais ina mboscaí stórála cearta agus gan aon lipéid a bhaint ná damáiste a dhéanamh dóibh.
Níl cead fáil isteach sna stórais de ghnáth ach i gcásanna áirithe b'fhéidir go dtabharfaí cead.
Ní mór do thaighdeoirí atá ag cur déantán le chéile le haghaidh tráchtais an rannóg Ealaíne & Tionscail le cóip den chuid catalóige den tráchtas sa chaoi is go mbaineann sé leis an ábhar atá in Ard-Mhúsaem na hÉireann.