Tá tiomnacht 'Diúc Laighean' mar chroílár an bhailiúcháin ar Stair Stampshanais agus Poist. Tá na mílte píosa sa bhailiúchán seo agus tá sé fós ag fás go leanúnach agus stampaí nua á fháil againn ó áiteanna ar fud an domhain. Clúdaíonn sé stampshanas agus stair poist na Breataine agus na hÉireanna agus tá clúdaigh agus profaí san áireamh ann.
Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar shraith stampaí de chuid Ranna na Breataine i mbloic mhionta uathúla ian bhfuil ceithre cinn, agus sampla de 4d, ón Ástráil Thiar ó 1854, an stamp cáiliúil ar a bhfuil 'eala aisiompaithe'.
Is stampaí, bileoga agus clúdaigh chéad lá Éireannacha agus domhanda atá sa chuid eile den bhailiúchán, arna n-eisiúint ag an Aontas Poist Uilechoiteann.