Sa tréimhse dhrámatúil seo de chogadh agus éirí amach tháinig athruithe móra polaitiúla in Éirinn - agus sa Mhúsaem freisin. Féach ar na déanáin a tháinig chun cinn sa Taispeántas Ón Stór.
Le linn na n-eachtraí clampracha de na 1910idí agus na 1920idí, bhí roinnt ball foirne den mhúsaem a thacaigh leo siúd a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí daoine eile ann, ar nós an Stiúrthóir, Cunta G.N. Plunkett, agus an Coimeádaí, Liam S. Gogan, a thacaigh go mór le hÉirí Amach 1916 agus dá dheasca sin cuireadh i bpríosún iad.
Dúnadh don Chogadh Cathartha agus an athoscailt
Nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha i mí an Mheithimh 1922, dhún an Rialtas Sealadach an Músaem, toisc go raibh an foirgneamh de dhíth le haghaidh cóiríochta don rialtas; bhí an institiúid le bheith oscailte arís de réir a chéile ó 1925 ar aghaidh, faoin teideal nua d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.
An mháthair-roinn rialtais nua a bhí aige ná an Roinn Oideachais. Rinne an roinn sin coiste fiosraithe a choimisiúnú chun athmheasúnú a dhéanamh ar fheidhmeanna an Mhúsaeim, agus i 1927 mhol sé go mbeadh sé mar aidhm ag an Músaem ‘eolas a mhéadú agus a scaipeadh faoi shibhialtacht na hÉireann agus faoi chaidreamh na hÉireann i ndáil leis sin agus le tíortha eile’.
Cad iad na déantáin atá tú in ann a fheiceáil ón tréimhse seo Ón Stór
Tá Séala Mór Shaorstát Éireann, a dhátaíonn go thart ar 1925, ar taispeáint chun an tréimhse seo a chur in iúl. Is é Archibald McGoogan, an chéad ghrianghrafadóir den Mhúsaem agus níos déanaí coimeádaí uirlisí ceoil agus uiscedhathanna, a dhear an séala seo.
Ar taispeáint chomh maith tá ciseáin d'uibheacha, don mhargadh, d’im agus do phrátaí – gnáthrudaí a bhain le saol na hÉireann a rinneadh as ábhar a bhí ar fáil go háitiúil.