Léigh faoi na réada a bailíodh agus a furthas ag tús na 20ú haoise, agus ansin féach orthu sa taispeántas Ón Stór.
Ag eascairt as achtú an Achta Talmhaíochta agus Ceardoideachais (Éire) sa bhliain 1899, d’aistrigh freagracht an mhúsaeim chuig an roinn rialtais céanna sin i mBaile Átha Cliath.
Bailiú agus coimisiún
Cé gur lean na coimeádaithe ar aghaidh ag bailiú míreanna den ealaín mhaisiúil ab fhearr agus na cinn sin a léirigh barr feabhais ó thaobh dearadh tionsclaíoch de, thug siad tacaíocht chomh maith d’Oifigigh na Roinne chun míreanna a fháil a spreagfadh pobail tuaithe chun earraí ar ardchaighdeán a tháirgeadh a d’fhéadfaí a dhíol. Is chuige sin a choimisiúnaigh an Músaem píosaí éagsúla chomh maith. Cuireadh an dá shaghas déantáin ar taispeáint in ionaid ar fud na tíre.
Cuireadh gailearaí amháin i leataobh do thaispeántais shealadacha de shaothair a rinne ealaíontóirí agus ‘ldéantúsóirí beo, idir Éireannaigh, Sasanaigh lucht na Mór-Roinne agus Meiriceánaigh’ chun dearadh tionsclaíodh a spreagadh.
Cad iad na déantáin atá tú in ann a fheiceáil ón tréimhse seo Ón Stór
Ar taispeáint tá dhá phíosa a choimisiúnaigh an Músaem ag an am. Is mítéar bróidnithe é ceann amháin a dearadh agus a rinneadh i gClochar Siúracha Bochta Naomh Clár sa Néidín sa bhliain 1901.
Is triptich cruanta é an ceann eile a rinne Alexander Fisher ina bhfeictear Naomh Pádraig ag baisteadh beirt iníonacha leis an Rí Laoighre fad a bhí siad i bPálás Cruachain faoi theagasc an bheirt draoithe, Mal agus Colpait.