Léigh faoi cheann de na taiscí is suntasaí de bhoinn óir ón 17ú haois a fuarthas in Éirinn.
Aimsíodh an taisce ar an 14 Eanáir 2013 le linn oibreacha talún a bhí á ndéanamh ar an Sráid Mhór, Carraige na Siúire, Co. Thiobraid Árann.
Cad atá sa taisce?
Sa taisce tá aon bhonn óir agus ochtó a thagann ó ré Shearlais II (1660-85), Shéamais II (1685-8), William agus Mary (1688-94) agus William III (1694-1702). Tagann an bonn is luaithe sa taisce ó 1664 agus an ceann is déanaí ó 1701, mar sin b'fhéidir gur cuireadh na boinn i dtaisce thart fán mbliain 1701.
Is cosúil gur guiní a bhformhór, le líon beag de leath-ghuiní. Ba bhonn óir den Bhreatain a bhí sa Ghine a múnlaíodh sa Mhionta Ríoga idir 1663 agus 1814. Tugadh ‘Giní’ orthu toisc gur tháinig an t-ór a úsáideadh nuair a rinneadh iad as an nGuine, san Afraic Thiar agus múnlaíodh iad i gceithre ainmníocht (leathghuine, guine amháin, dhá ghuine agus cúig ghuine).
Tuilleadh mionsonraí maidir le haimsiú na taisce
Is cosúil gur cuireadh na boinn i bhfolach san ithir i gcláir urláir tí ar shráid mhór an bhaile agus tá taighde ar siúl chun aois an fhoirgnimh is sine ar an láithreán a aimsiú.
Thug duine de na tógálaithe na boinn faoi dearadh agus iad ag tochailt agus tuairiscíodh go raibh siad “i líne le chéile”. Seans go raibh siad clúdaithe agus coinnithe le chéile le hábhar éigin san am atá thart cé nár mhair sé seo.
Go luath ina dhiaidh sin tugadh na boinn isteach chuig Stáisiún na nGardaí i gCarraig na Siúire. Aistríodh iad chuig Stáisiún na nGardaí i gCluain Meala agus tuairiscíodh iad chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Ina dhiaidh sin rinne seandálaithe ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ó Sheirbhísí na Séadchomharthaí Náisiúnta iniúchadh ar an láithreán. Gabhann Ard-Mhúsaem na hÉireann buíochas leis na frítheoirí as an bhfionnachtain a thuairisciú agus leis an nGarda Síochána as a gcúnamh.
An raibh a leithéid de thaisce ann riamh agus taisce Charraig na Siúire?
Níor aimsíodh taisce de bhoinn óir ón 17ú haois inchurtha in Éirinn ón uair a aimsíodh, i gCúi an tSúdaire, Co. Laoise, thart ar 1947, taisce de bheagán os cionn 100 bonn óir, chomh maith le roinnt bonn airgid.
Tá said seo ar taispeáint sa taispeántas Airgead: Míle Bliain de Bhoinn & Airgeadra na hÉireann in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair.
Cén fáth a raibh an taisce i bhfolach
Is dócha gurb ionann taisce Charraig na Siúire agus saibhreas carnach ag clann amháin thar roinnt glúin, agus gur bailíodh ias sa tréimhse i ndiaidh Chogadh Chromail chomh fada le deireadh na ndeich bliana i ndiaidh Chogaidh Liamaigh.
Ní fios cén fáth a cuireadh an taisce i bhfolach ach b'fhéidir gur cheap an t-úinéir saibhir Caitliceach go raibh gá a shócmhainní soghluaiste a chur i bhfolach mar fhreagra ar chur i bhfeidhm na bPéindlithe. D'fhéadfadh neart cúiseanna eile a bheith ann agus tá tuilleadh taighde á dhéanamh chun iarracht a dhéanamh le cúlra stairiúil na taisce a dheimhniú.