I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, d’fhill náisiúnaigh Éireannacha ar a dtroid le fórsaí na Breataine, a chonacthas mar arm forghabhála go forleathan faoin am sin.
Agus iad ag gníomhú mar arm míleata rialtas nua-fhógartha na hÉireann, chuaigh siad i mbun feachtais chiaptha agus gníomhaíochtaí treallchogaíochta.
Cad a tharla i mBaile Átha Cliath?
In Iúil na bliana 1919 bhunaigh Mícheál Ó Coileáin, ceann faisnéise an IRA, aonad speisialta ar a tugadh "an Scuad". Is é an jab a bhí acu ná gníomhairí faisnéise na Breataine a mharú, ach go háirithe iad siúd a raibh an leasainm G-men tugtha orthu. Grúpa beag iad seo de phóilíní faoi cheilt (ó Rannán G i bPóilíní Chathair Átha Cliath) a raibh líonra de spiairí acu taobh istigh den IRA..
D'ainneoin go raibh veisteanna piléardhíonacha acu, maraíodh neart de na G-men agus dá bhfaisneoirí ag gunnaí an Scuaid, ar a dtugtaí an leasainm na hAspail. Bhí Domhnach na Fola, mapa thuas, ar cheann na coimhlintí ba thragóidí le linn Chogadh na Saoirse.
Cad a tharla faoin tuath?
I dtreallchogadh ní bhíonn cath mór ar bith - ina áit sin bíonn neart scirmisí beaga, ruathair agus miontrodanna ina bhfuil líon beag fir ar an dá thaobh. Tugann na réada éagsúla sa chás tuairim faoin deacracht a bhain le hairm éifeachtúla a sholáthar do na comhraiceoirí tuaithe le linn Chogadh na Saoirse. Bhí seilbh ag formhór na bhfeirmeoirí ar ghránghunna - mar sin, faoin tuath, b'iad seo na hairm ba choitianta ag an IRA . Nuair nach raibh an t-armlón ceart ar fáil, uaireant líontaí cásanna le geilignít, agus tahrla timpistí dá bharr. Rinneadh airm shimplí mar ba ghá, lena n-áirítear gránáidí láimhe.