Scipeáil chuig ábhar

Éirí Amach na Cásca

Thosaigh Éirí Amach na Cásca nuair a ghlac na reibiliúnaigh seilbh ar leath-dhosaen de mhórfhoirgnimh mórthimpeall Bhaile Átha Cliath.

Ghlac grúpa réasúnta beag diongbháilte d’fhir agus de mhná na hÉireann an deis a tháinig ó choimhlint na Breataine leis an nGearmáin chun buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann. Craobh d'Óglaigh an hÉireann ab ea Cumann na mBan (éide sa phictiúr ar chlé) agus bhí siad i measc na náisiúnaithe ba dhíograisí a ghlac páirt san éirí amach. Mar fhreagra, thug na Sasanaigh isteachlucht athneartacha ón mBreatain, agus d'úsáid siad airtléire chun na foirgnimh ina raibh na náisiúnaigh a scrios.

Géilleadh

Dé Sathairn, 29 Aibreán, chun tuilleadh básanna a sheachaint, ghéill Pádraig Mac Piarais gan coinníoll do na Sasanaigh. Rinneadh na cainteanna tosaigh i Sráid an Mhúraigh a bhí scriostaz faoi chosaint ó bhratach bán: ina dhiiaidh sin shínigh Mac Piarais an cháipéis géillte féin ag ceanncheathrú míleata na Breataine ar Shráid Gheata na Páirce, ní i bhfad ó na Bearaicí seo. Is féidir hata agus gunna an Phiarsaigh (thuas) a fheiceáil i measc réada eile ó 1916 i nGailearaí Chogaí na hÉireann.

I ndiaidh an Éirí Amach

Gan tacaíocht shuntasach an phobail, scriosadh na pointí tacaíochta laistigh de sheachtain, agus rinneadh dochar do neart sibhialtaigh agus neart dochair don chathair féin. Cé gur brúadh síos an phoblacht Éireannach nua-fhógartha go tapa agus go brúdúil, d'athraigh an chuimhne ar na laochra agus ar ba básuite a lean, stair na hÉireann go deo. Éirí Amach na Cásca: Cuidíonn an taispeántas Tuiscint ar 1916 le polatíocht agus gnéithe sóisialta an Éirí Amach a mhíniú.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions