Garastún na Breataine in Éirinn
Ar feadh beagnach 500 bliain, bhí buanarm ina gharastún ar Éirinn. Cé go raibh na saighdiúirí anseo go príomha chun éirí amach na nÉireannach a chur faoi chois, chuaigh a ngníomhaíochtaí éagsúla in Éirinn i gcionn ar shaol laethúil mhuintir na hÉireann, ó bhainisí go cluichí peile. Bhí Éire ar cheann de na príomhionaid earcaíochta d’Arm na Breataine agus rinneadh neart Éireannaigh a earcú agus a oiliúint do sheirbhís thar lear.
Cogaíocht in Éirinn
Idir 1550 agus 1800 d’fhulaing Éire ceithre mhór-chogadh: cath na Bóinne, agus an iliomad éirí amach níos lú. . Bhí cúis éagsúil le gach cogadh, ach bhí an chruatan a d’fhulaing na saighdiúirí agus na sibhialtaigh mar an gcéanna. Ní hamháin gur throid airm fhreasúracha árchathanna, scrios siad foirgnimh agus barra ina n-iarrachtaí dochar a dhéanamh dá naimhde agus bia a fháil dóibh féin. Mar toradh, ba mhinic ocras dá bharr.