Is féidir le cuairteoirí ar an ngailearaí Cad atá sa Stór? breathnú ar bhailiúcháin an Mhúsaeim a choimeádtar i stóras de ghnáth. Faigh níos mó amach faoi chruan, faoi phéatar, faoi chré-umha, faoi phrás agus faoi na leictreachlónna atá ina ngnéithe den ghailearaí seo.
Cruan
Is píosaí Francacha agus Sasanacha den chuid is mó atá sa bhailiúchán cruain, le roinnt samplaí as Éirinn, an Spáinn, an Rúis, an Iorua agus an Ghearmáin. Síneann sé ó Limoges na 13ú haoise go Battersea na 18ú haoise go nua-Cheilteach na 20ú haoise. Tá samplaí ann de na cineálacha éagsúla de chruanadh(champlevé, cloisonné agus péinteáilte) agus áiríonn sé leacanna reiligiúnda, boscaí snaoise agus sceanra. Mar a tharla i gcás na mbailiúchán práis agus cré-umha, fuarthas cruan mar gheall ar a fhiúntas ealaíne agus aeistéitiúil agus mar shampla de cheardaíocht ar ardchaighdeán.
Péatar
Tá tagairtí le fáil faoi dhéanamh péatair in Éirinn ó chomh fada siar leis an 14ú haois, ach níl aon earraí a rinneadh in Éirinn fanta ó roimh na 1600í. I rith na tréimhse seo tá tagairtí ann do lucht déanta péatair, ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i gCorcaigh, i nGaillimh, i gCionn tSáile, in Eochaill agus i gCluain Meala. D’fhorbair córas marcála agus rialála cáilíochta, a bhí cineál cosúil leis an sainmharcáil a d’úsáid gaibhne airgid. Táirgeadh cailíseacha, gréithe, cupáin, mugaí, tancaird agus corcáin bheoracha, cuid ag cóipeáil stíleanna Sasanacha agus Eorpacha comhaimseartha, cuid le tréithe sainiúla Éireannach. Bhí an-éileamh ar thoisí freisin, go háirithe i siopaí agus i dtábhairní agus tar éis an tomhas Impiriúil a thabhairt isteach in 1826, bhí marcáil toilleadh ar thoisí agus ar shoithí ólacháin éigeantach. Ba é an soitheach ba Ghaelaí a measadh ná an tomhas ‘coca féir’, a forbraíodh i ndeireadh an 18ú haois, a raibh ceangal ar leith aige le gnólacht Joseph Austen i gCorcaigh.
Mar thoradh ar thabhairt isteach earraí leictreaphlátáilte agus ar an méadú in úsáid ghloine in óstáin agus i dtábhairní, tháinig laghdú de réir a chéile ar an méid úsáide a baineadh as péatar, cé go raibh sé fós in úsáid i dtús an 20ú haois.
Tá samplaí sa bhailiúchán seo ní hamháin de phíosaí a rinneadh in Éirinn, ach de phéatar Sasanach agus Eorpach freisin, a thagann ón tréimhse ón 17ú go dtí deireadh an 19ú haois.
Pláta Sheffield
Cruthaíodh pláta Sheffield trí airgead agus bunmhiotal, copar nó copar agus prás go hiondúil, a chomhleá. Forbraíodh an próiseas seo i Sheffield timpeall lár an 18ú haois i dtosach báire, agus i Birmingham ina dhiaidh sin, agus bhí éileamh air ar feadh timpeall céad bliain, nuair a cuireadh tús le leictreaphlátáil sna 1840idí. Bhí sé seo fadmharthanach, tarraingteach agus i bhfad níos saoire ná airgead, bhí an-éileamh air agus úsáideadh go fairsing é. Táirgeadh coinnleoirí, miasfháinní, cóstaeirí agus réimse leathan earraí boird. Iompórtáladh an-chuid de isteach go hÉirinn go háirithe i ndeireadh an 18ú haois agus i dtús an 19ú haois. Fuarthas formhór na samplaí i mbailiúchán an Mhúsaeim idir 1895 agus 1910, tréimhse ina raibh béim shuntasach ar dhearadh, stíl agus ceardaíocht na linne a thaispeáint.
Cré-Umha
Tá prás, cóimhiotal de chopar agus stán, á úsáid leis na cianta chun arm, uirlisí baile, seodra agus ealaín a dhéanamh. Dátaíonn an t-ábhar atá sa stór seo ó dheireadh na 1500idí agus tús an 20ú haois, agus tá samplaí de shaothar as Éirinn, Sasana, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil ann. Tá ábhar sa bhailiúchán seo a fuarthas mar gheall ar a fhiúntas creidimh, fóntaíoch nó ealaíonta.
Pras
Níor tosaíodh ag baint úsáid ghinearálta as prás, cóimhiotal copair agus sinc, go dtí an 16ú haois. Cosúil le cré-umha, baineadh go leor úsáide creidimh agus saolta as. Tá píosaí Éireannacha, Sasanacha agus Eorpacha sa bhailiúchán seo, lena n-áirítear roinnt mhaith ábhar Ollainnis ón 18ú haois agus roinnt samplaí de réada creidimh Rúiseacha.
Leictreachlónna
Is macasamhla iad leictreachlónna a dhéantar trí mheascán de dhéanamh múnlaí, próiseas leictrea-cheimiceach agus ceardaíocht. Bhí an-éileamh orthu sa dara leath den 19ú haois agus rinneadh iad a chóipeáil ó bhunréada miotalóireachta i mbailiúcháin músaeim ar fud na hEorpa.
D'fhorbraigh comhlacht Elkington and Company as Birmingham saineolas ar leith ina dtáirgeadh. Le comhoibriú ó South Kensington Museum, rinne said cóipeanna ar neart de mhórshaothair na meánaoise. Bhí na píosaí a táirgeadh ar ardchaighdeán den mhórchuid agus ba chóipeanna dílse de na bunsaothair a bhí iontu, cé nach raibh siad déanta as an ábhar céanna. De ghnáth plátáladh le hór nó airgead iad, agus bhí go leor de na bunréada déanta as iarann, cré-umha nó péatar.
Rinneadh leictreachlónna mar shamplaí dearaidh agus stíle agus chun inspioráid a thabhairt do cheardaithe comhaimseartha. Ag tráth a raibh taisteal níos deacra agus níos costasaí ná mar atá inniu, bhí feidhm láidir oideachasúil ag baint leo chomh maith, ag tabhairt rochtain do scoláirí ar na sárshaothair iontacha ó na meánaoiseanna. Rinneadh mar phíosaí do mhúsaeim iad ar dtús ach díoladh leis an bpobal iad chomh maith. Bhí an tArd-Mhúsaem, an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne mar a bhí ag an am, ina chomhinstitiúid le South Kensington Museum agus fuair sé bailiúchán suntasach d’ábhar Elkington ag thart ar dheireadh an 19ú haois.