Ní ó Éire amháin a thagann an bailiúchán troscán sa Mhúsaem - tá réimse de chathaoireacha, boscaí, táblaí agus cófraí ann ó thíortha éagsúla.
Tá troscán ó Shasana, an Fhrainc, an Spáinn, an Ollainn, an Iaráin, an tSín agus Burma ar taispeáint, roinnt de den chéad uair.
Thángthas ar an taifeadadh is luaithe de bhoscaí sna pirimidí ríoga den Éigipt ársa. Tá roinnt cisteog a dhátaíonn go dtí na Meánaoiseanna a mhaireann go fóill; bhí siad seo déanta de chloch, potaireacht agus d'eabhar, ach de mhiotal go príomha.
Is iad an rítheaghlach, an uaisleacht agus an eaglais amháin a choimisiúnaigh boscaí seodmhara, cófraí agus cumhdaigh. Rinneadh cófraí luatha d'adhmad, clúdaithe le geasó agus péinteáilte le radhairc bheoga.
In Iarthar na hEorpa ba chófraí iad na chéad bhoscaí a bhí gearrtha amach as stoic chrainn chuasacha, a bhí fíorthrom. Le linn an 13ú haois, forbraíodh an tógáil clár agus rinneadh cófraí a threisiú le bandaí iarainn.
De ghnáth ba bhoscaí móra dronuilleogacha a bhí sna cófraí seo le clúdach ar insí agus uaireanta bhí bosca beag le clúdach air isteach iontu chun luibheanna milse nó labhandar choimeád. Go hiondúil maisíodh iad le péint, leathar, eabhar, blaosc toirtíse agus adhmaid contrártha.
Ag druidim le deireadh na 17ú haoise tháinig cófraí tairreacán isteach in ionad cófraí le clúdaigh. Leanadh ag déanamh cófraí móra do bhlaincéid le tarraiceáin ag an mbun go dtí deireadh an 18ú haois. Níl ach cúpla bosca beaga a mhaireann ón 17ú haois.
An aois mhór don táirgeadh ealaíonta ab ea an 18ú haois agus bhí stíleanna idir an Baróc, an Rocócó agus an stíl nuachlasaiceach. Cruthaíodh boscaí pearsanta áille le haghaidh taistil.
Faoin 19ú haois bhí réimse leathan boscaí ar fáil do lucht an airgid. Bhí siad éagsúil ó thaobh feidhme, caighdeáin agus maisiúcháin de, agus lean siad stíleanna comhaimseartha.