Scipeáil chuig ábhar

Troscán na 20ú hAoise

James Hicks drawing room

Feach ar throscán Éireannach na 20ú haoise agus an dearadh nua-aimseartha in Éirinn ó 1900 ar aghaidh.

Is ceist chonspóideach í stair dhearadh troscáin an 20ú haois, a bhí millte le tréimhsí fada nuair a bhí beagán tionscal ann a d’aithin tábhacht thráchtála troscáin mhaith. Ní raibh dearthóirí oilte ag na monarchana; seachas sin rinneadh na dearthaí a chóipeáil ó thíortha máguaird.

Bhí Éire mall ag glacadh le smaointe nua. Bhíothas amhrasach faoi na hiarrachtaí ar fad maidir le taobhanna istigh nua-aimseartha. Ní raibh tóir ar mhaisitheoir tí a fhostú leis an teach a thabhairt suas chun dáta go dtí i bhfad níos déanaí. In agallamh san Irish Times i mí na Bealtaine 1953, dúirt déantóir troscáin faoi throscáin na linne, “Dá mbeadh éileamh ann dá leithéid, bheadh sé againn i stoc. Ná cuir an locht orainne maidir leis na foirne troscáin gruama sin, cuir an locht ar rogha an phobail.” In ainneoin é seo, nochtar líon gluaiseachtaí, dearthóirí agus ceardaithe, ag obair anseo agus thar lear, a raibh ionchur mór acu i bprionsabal nua-aoiseachas na hÉireann.

Brendan Dunne (1916-1995)

Go déanach sna 1940í agus sna 1950í thuairiscigh an Irish Times go raibh cuid mhór a bhí go maith i ndearadh troscáin na linne. Bhí iarracht mhór déanta ag dearthóirí áirithe ar nós Brendan Dunne, John Maguire agus Barney Heron le bheith nua-aoiseach agus d’éirigh go maith leo.

Saolaíodh Brendan Dunne i mBaile Átha Cliath. Ba dhuine sárthréitheach i gcúrsaí ceoil é ó aois an-óg, agus sa deireadh ba chumadóir gairmiúil é agus stiúrthóir ócáideach don Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta. Rinne sé é féin a theagasc i ndearadh troscáin agus i 1951 bhunaigh Dunne ceardlann mhór monarchan lena pháirtí Michael McMullin, fear mór ceoil eile. Sholáthair siad troscán nua-aoiseach don teach nua-aoiseach agus ina gcuid oibre bhí línte simplí agus cosa barrchaolaithe a bhí spreagtha ag an gChríoch Lochlann.

Rinne Dunne comparáid idir adhmaid agus nótaí ceoil. Léiríodh sa dair an mórghléas c agus thug sé ‘Foireann Troscáin Mhórghléas C,’ ar an bhfoireann troscáin bia darach a bhí aige, agus thug sé ‘Foireann Troscáin Mhionghléas A’ ar fhoireann troscáin seomra leapa mahagaine. Dúirt sé, “Agus tú ag dearadh troscáin tá sé ar nós ceol a chumadh. Ní mór duit mothú rithime agus líne a thabhairt dóibh agus ceardaíocht mhaith.”

James Hicks (1866-1936)

Is é saothar James Hicks, as Baile Átha Cliath, fritéis an nua-aoiseachais. Agus é aitheanta don úsáid a bhain sé as adhmaid andúchasacha, as maircíneacht den scoth agus as an méid spéise a bhí aige i stíleanna Chippendale, Adams agus Sheraton, d’oscail Hicks a cheardlann i 1894. Lean pátrúnacht ríoga domhanda ina dhiaidh sin agus bhuaigh an gnólacht líon mór coimisiún cáiliúla.

Léirigh an troscán ag an tús stíl Phallaidiach den 18ú haois ina raibh sliogáin mhaisiúla, duilleoga acantais, foiscealaigh labhrais, agus cosa caibreoil diansocraithe. Ba stíl chlasaiceach agus shnoite a bhí sa saothar a bhí aige níos déanaí.

Bhain Hicks gradaim éagsúla amach, go háirithe an Aonach Tailteann i 1928. Bhuaigh an caibinéad taispeána sróladhmaid seo bonn airgid ag an seó Earraigh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i 1934, agus ba é an bord sróladhmaid a rinneadh i 1929 ceann amháin de na saothair áirithe a bhí mar eiseamláir do cheardaíocht na hÉireann ag Aonach Trádála an Domhain i Nua-Eabhrac in 1939. Chuir Uachtarán agus Cathaoirleach an aonaigh teastas chuig gnólacht Hicks ag léiriú an t-aitheantas a thug siad don ionchur mór a rinne taispeántas Hicks i dtreo rath an aonaigh. Faraor, fuair Hicks bás in 1936 agus ní raibh an deis aige riamh an gradam seo a fháil.

Frederick Mac Manus (1903-1985)

Le linn na 1920idí agus na 30idí bhíodh dearthóirí Éireannacha ag staidéar, ag obair nó ag traenáil thar lear. Tháinig an Art Déco agus an Nua-aoiseachas Idirnáisiúnta chun cinn de réir a chéile i ndearadh troscáin. D’éirigh go maith le Frederick Mac Manus as Dún Laoghaire Co. Bhaile Átha Cliath ina ghairm bheatha mar ailtire agus dhear sé tithíocht shóisialta agus gnáth-throscán.

Ar dtús thraenáil sé in Éirinn agus ansin i Nua-Eabhrac. Ar deireadh tháinig sé chun cinn leis an ngnólacht Tait and Lome i Londain i 1927. Agus é deartha le cur leis an mbord maisiúcháin mailpe cuiteáilte le veinirí air a rinne an dearthóir Sasanach Betty Joel, chuthaigh Mac Manus an fhoireann troscán seomra leapa seo i 1933 dá theach i Londain.

Tá bairr bhándearga cheallalósacha agus chuasaithe ag na cófraí cois leapa. Tá glas scéithín cróim neamhlonraigh ag doirse an vardrúis. Tá hanlaí tarraiceáin crómphlátáilte ag an aonad de shé thairreacán. Tá seantéitheoir lonrach agus leictreach de chuid Ferranti sa tinteán a bhfuil veinírí air. Rinne an gnólacht PEL an stól cruach feadánach. In 1930 dhear Oswald Holman na soilse balla leictreacha cróim cois leapa ar a raibh scáthláin bucraim phléatáilte agus bándearga. Is é saothar Edward McKnight Kauffer a spreag na rugaí urláir a dhear Norah MacManus. Bhronn Mac Manus a fhoireann troscáin seomra leapa ar an Ard-Mhúsaem i 1984.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions