Scipeáil chuig ábhar

Richard Pockrich agus an Chláirseach Ghloine

Foghlaim faoi Richard Pockrich an t-aireagóir Éireannach agus máistir an chláirsigh ghloine.

Rugadh Richard Pockrich, thart ar 1695 in Aghnamallagh, Co. Mhuineacháin agus bhí sé cleachtaithe go maith sa féin-phoiblíocht, mar is léir ó líon na bhfógraí a chuir sé faoi féin san nuachtáin ag an am. Mar dhuine éalárnach, lig an mhaoin a fuair sé le huacht dó an iliomad smaointe agus aireagáin a leanúint - ba mhinic nach mbacfaí leo.

I ndiaidh dó teacht go Baile Átha Cliath i 1715, d’oscail sé grúdlann/drioglann ag Droichead na hInse, ach theip air. 250px; height: 452px; float: left; margin: auto 10px;" />I ndiaidh dó teacht go Baile Átha Cliath i 1715, d’oscail sé grúdlann/drioglann ag Droichead na hInse, ach theip air. Agus a chuid airgid uile caillte aige deirtear nuair a tháinig na báillí chun a ghabháil gur sheinn sé “réamhcheaol” ar na gloiní agus d’éirigh leis na báillí a mhealladh gur bhronn siad saoirse air. TIa iad ‘na gloiní’ nó ‘idiophone’, ‘gloine-harp’ agus ina dhiaidh sin ‘armonica’ deir roinnt daoinem nithe a cheap Pockrich agus deir daoine eile gur athcheap sé iad.

Chonacthas ceol trí ghloine a bhualadh i bPeirsia sa 11ú haois. Déantar gloiní a thiúnáil tríd an méid ceart uisce a dhoirt i ngach gloine Faoi dheireadh na 15ú haoise bhí sé faiseanta san Eoraip ach mar uirlis cheoil níor glacadh leis go dáiríre go dtí an 18ú haois.

In Aibreán 1743 bhí fógra i Faulkner’s Dublin Journal go mbeadh, “ar son an chumadóra” taibhiú ceoil ar an 3 Bealtaine ag an amharclann i Scabhat Smock áit a mbeadh “taibhiú ceoil ar ghloiní le huirlisí eile” ann. . Dúirt an fógra gurb í seo an chéad uair riamh gur tugadh gloiní isteach i gceolchoirm ag súil go “spreagfaí” tionchar “díograiseach” i measc an luct éisteachta. Ar dtús, sheinn Pockrich na gloiní le bataí agus ina dhiaidh sin leis na méara ar chiúmhais na ngloiní. Léirigh fógraí eile na píosaí ceoil éagsúla a raibh sé in ann a sheinm ar an uirlis seo. Ar feadh na bliana lean sé de chothú na huirlise. Ar feadh na bliana 1744 lean sé de chothú na huirlise

In Aibreán na bliana 1746 sheinn an cumadóir Christoph Willibald Ritter von Gluck i Londain ar ghloiní ceoil, a mhaígh sé a cheap sé féin. Níl sé soiléir cé acu ar fhorbraigh Gluck a smaointe féin nó ar úsáid sé smaoineamh Pockrich gan admháil.

Faoi na 1750í dheimhnigh nuachtáin Londain go raibh mór-éileamh air, arna fheabhsú ag siamsóirí ar nós Anne Ford a d’fhoilsigh an chéad modh don uirlis i 1761. Sa bhliain 1757 tháinig Benjamin Franklin go Londan agus chuala sé E.H Delaval ag seinm ar an uirlis. Mar thoradh air sin, rinne Franklin leas ar dhearadh na huirlise, ag roghnú ghoiní de thomhais chéimnithe socraithe go buan ag an tuinairde cheart. Chuir sé na babhlaí go cothrom ar shlat, casta ag casadh coise. Faoi Bhealtaine 1762 bhí sé á dhéanamh ag Charles James, Londan, agus fógartha mar an “Armonica.” Bhí sé sa faisean le blianta, ní hamháin i Sasana ach ar fud na hEorpa, agus mór-éileamh air de bharr léirithe Marianne Davies a sheinn é i mBaile Átha Cliath ar an 7 Samhain i 1763. Leanadh den mhór-éileamh air go maith isteach sa 19ú haois. I ndiaidh dó a bheith as láthair le 12 bliain rinne Pockrich cur i láthair arís ag an City Basin i mBaile Átha Cliath ar an 23 Lúnasa 1756 Bhí an léiriú míshásúil agus clóadh leithscéal sa Dublin Gazette de bharr “gur chuir sé (Pockrich) gloine an-iomarca leis an uirlis.” Chuaigh sé ar thuras go Sasana i 1758 agus d’éirigh go maith leis, is cosúil. Ach fuair sé bás i ndóiteán ina íostas in aice leis an Malartán Arbhair ar an 10 Samhain 1758.

Is féidir leat ceann de na huirlisí neamghnácha sin a fheiceáil á seinm ag www.roberttiso.com.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions