Scipeáil chuig ábhar

Erskine Childers

Ní raibh an chosúlacht ar Robert Erskine Childers go mbeadh sé ina náisiúnach Éireannach. Rugadh é in 1870 do Theaghlach Angla-Éireannach a raibh stair rannpháirtíochta leathan aige i mbunaíochta na Breataine.

Tar éis staidéar a dhéanamh ar na clasaicí agus ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Cambridge, tháinig sé sa tríú háit sa scrúdú iontrála don státseirbhís agus thosaigh sé ag obair mar chléireach in Westminster in 1895.

In 1899 liostáil sé chun troid sa Chogadh na mBórach, mar chuid den aonad airtléire. n 1903 thug sé cuairt ar Bhostún áit ar casadh Mary Alden Osgood air, a tháinig ó theaghlach saibhir a raibh dearcthaí i gcoinne an impiriúlachais aige, agus pósadh iad in 1904.

Údar

Le linn na tréimhse seo d'fhoilsigh Childers roinnt saothar a raibh an-ghlacadh leo agus a thug aitheantas áirithe dó i gciorcail liteartha, agus an ceann ab aitheanta ná The Riddle of the Sands, cuntas ficsin de thuras seoltóireachta a thóg sé timpeall na Mara Thuaidh agus Mhuir Bhailt inar mhol sé do dhaoine a bheith níos ullmhaithe don chogadh i gcoinne na Gearmáine.

Athrú Intinne

Nuair a thosaigh Cogadh na mBórach thacaigh sé le luachanna coimeádacha na Breataine, ach de réir mar a lean an cogadh ar aghaidh d'éirigh sé díomách faoin droch-chaoi inar láimhseáil na húdaráis cúrsaí. Tar éis dó a bhean chéile a phósadh bhí níos mó amhrais air faoi fiúntais na hImpireachta agus tar éis roinnt cuairteanna a thabhairt ar Éirinn bhí sé cinnte de gur chóir Rialtas Dúchais a bhronnadh.

Tar éis dó a bhean chéile a phósadh bhí níos mó amhrais air faoi fiúntais na hImpireachta agus tar éis roinnt cuairteanna a thabhairt ar Éirinn bhí sé cinnte de gur chóir Rialtas Dúchais a bhronnadh. In 1910 d'éirigh sé as an bpost a bhí aige in Westminster agus rith sé mar iarrthóir don pháirtí Liobrálach san Olltoghchán. Leis an gcaoi ina raibh sé ag éirí báite sa cheist faoin Rialtas Dúchais chuirfeadh sé seo isteach ar na huaillmhianta polaitíochta a bhí aige. Nuair a bhí an dóigh ann gur fhéidearthacht réadúil a bhí ann nach mbeadh an Tuaisceart mar chuid den chomhaontú d'éirigh Childers as an bpáirtí Liobrálach, chomh dáigh nach bhféadfaí aon chomhréiteach a dhéanamh leis an hAontachtaithe.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions