Rinne foireann athchóiritheoirí faoi stiúir an mháistircheardaí John Kearon athchóiriú mionsonraithe ar an Ascair agus tugadh ar ais í chuig an gcuma a bhí uirthi ag an am a rinne sí a turas stairiúil.
Go déanach sna 1990í bhí ceist thodhchaí an Ascair mar ábhar díospóireachta arís. Bhí cuid mhór daoine a raibh an-spéis acu sa seoltóireacht ag iarraidh go seolfaí an t-árthach arís agus rinne siad argóint gurbh é seo an bealach is fearr chun í a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. An tuairim a bhí acu siúd le níos mó taithí agus iad ag déileáil le longa stairiúla ná go raibh siad níos amhrasaí.
Nuair a scrúdaíodh cabhail na loinge fuarthas amach go raibh damáiste mór déanta air de bharr creimthe agus dúradh é seo chomh fada siar nuair a rinneadh athchóiriú ar an long i 1968. Rinne na daoine úd a bhí ag iarraidh an t-árthach a chaomhnú mar shaothar músaeim an argóint dá ndéanfaí an t-árthach oiriúnach don fharraige go scriosfaí beagnach an chuid is mó den bhunstruchtúr agus ní bheadh fágtha ach an t-ainm féin agus dhéanfaí dearmad ar an árthach.
Tar éis cuid mhór díospóireachta, socraíodh an t-árthach a chaomhnú mar shaothar músaeim agus bogadh í go dtí láthair gabháltais i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i 2001. Sa bhliain 2005 bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí faoi láthair i nDún Uí Choileáin i bhfoirgneamh a bhíodh in úsáid mar halla gleacaíochta.
Ceapadh an máistircheardaí agus an caomhnóir John Kearon chun bheith i gceannas ar an bhfoireann caomhnaithe. Scrúdaigh sé an tAscar den chéad uair i 1987 agus mhol sé bearta fairsinge chun an t-árthach a chaomhnú. An fhadhb ba mhó a bhí i ndán don Ascar ná an damáiste a bhí á dhéanamh dá struchtúr tríd an gcreimeadh dá tairní miotail feiriúla agus ceangail.
Nuair a tógadh í ar dtús, daingníodh comhpháirteanna adhmaid trí úsáid a bhaint as tairní práis, tairní crann adhmaid agus ceangail iarainn. Le linn a saoil fheidhme cuireadh isteach tairní cruach galbhánaithe. Sa timpeallacht ina raibh salann d’fhrithghníomhaigh na miotail seo lena chéile agus iad an-ghar dá chéile ag déanamh damáiste don adhmad a bhí díreach timpeall orthu. Lean an próiseas seo go ciúin agus an t-árthach ar taispeáint i gCill Mhaigheann toisc nach raibh ach cuid den struchtúr a bhí tógtha timpeall an árthaigh faoi chosaint ó na heilimintí. Nuair a thosaigh an díospóireacht maidir le todhchaí an árthaigh go déanach sna 1990idí bhí Kearon mar dhuine díobh siúd a bhí go mór i bhfabhar go ndéanfaí an long a chaomhnú seachas í a athchóiriú le dul ag seoltóireacht.
Léirigh an cur chuige maidir leis an bpróiseas caomhnaithe fealsúnacht an chaomhnaithe. Cibé áit inarbh fhéidir choinnití an bunábhar. D’éirigh sé soiléir go han-tapa gur chuir an fhadhb creimthe isteach ar an árthach ar fad agus chun é a dhéanamh socair bheadh gá leis na feistis mhiontail chreimthe ar fad a bhaint. Leis seo a dhéanamh baineadh úsáid as cineál speisialta druilire sábha poll a dhruileáil fáinne ciorclach timpeall na tairní ar leith agus bhíothas in ann an phlancáil a ardú glan amach as an bhfráma agus fágadh na tairní creimthe agus an t-adhmad damáistithe le baint leo féin. Ina dhiaidh seo baineadh úsáid as dalláin adhmaid le cur ann in áit an adhmaid a bhí caillte le linn an phróisis, dalláin chiorclacha don phlancáil agus dalláin le cruth cóin le cur isteach sna poill a bhí fágtha sa fhráma. Nuair a críochnaíodh an próiseas saothrach seo atógadh an chabhail trí úsáid a bhaint as an mbunphlancáil leis na miondeisithe logánta. Bhí i bhfad níos mó creimthe déanta sa fhráma ná mar a bhí sa phlancáil agus dá bhrí sin bhí gá le níos mó codanna substaintiúla a athsholáthar. Dá ndéanfaí an t-árthach a athchoiriú le dul ag seoltóireacht, bheadh na hábhair seo ar fad caillte. Bhí fadhbanna comhchosúla maidir leis an gcreimeadh a chuir isteach ar chodanna eile den long, ach ní raibh an méid céanna atogáil de dhíth orthu is a bhí ar an gcabhail.
Cuid amháin den árthach a raibh macasamhlú iomlán de dhíth orthu ná struchtúir na deice agus an chóiríocht. Aidhm an tionscadail athchóirithe seo ba ea an long a athchóiriú go dtí an chaoi ina raibh sí i 1905. Ach, rinneadh na codanna seo a athsholáthar go hiomlán i 1968. Dá bhrí sin bhí gá leis na struchtúir seo a atógáil de réir na mbunsonraíochtaí mionsonraithe a d’iarr Erskine Childers.
Tar éis 5 bliana oibre críochnaíodh an tionscadal caomhnaithe sa samhradh in 2012.. Seachas struchtúir na deice agus an chóiriocht, rinneadh timpeall 70% de bhunábhair an árthaigh a chaomhnú.