Bhí ról tábhachtach ag an Ascar in eachtraí i stair na hEireann ar feadh na bliana cinniúine 1914.
Ceannairc an Churraigh
Ar an 20 Márta, diúltaíonn oifigigh arm na Breataine páirt a ghlacadh in ullmhúcháin chun úsáid a bhaint as an arm chun an freasúra i gCúige Uladh a chur faoi chois.
Aibreán – Teacht i dTír na nGunnaí i Latharna
Ar an 24-25 Aibreán, tógann na hAontachtaithe na hairm isteach i dtír i Latharna i gContae Aontroma.
Bealtaine – An Tríú Bille Rialtais Dhúchais
Ar an 25 Bealtaine, ritear an Tríú Bille Rialtais Dhúchais in Westminster. Tarlaíonn díospóireacht dian maidir le todhchaí Uladh chun cosc a chur ar chogadh cathartha ó bhriseadh amach.
Bealtaine – Idirbheartaíocht Arm sa Ghearmáin
Ar an 28 Bealtaine, taistealaíonn Erskine Childers agus Darrell Figgis go Hamburg chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le hairm a cheannach d’Óglaigh na hÉireann.
Meitheamh – Feallmharaítear An tArd-Diúc Franz Ferdinand
Ar an 28 Meitheamh, feallmharaítear Ard-Diúc Franz Ferdinand na hOstaire in Sairéavó a chuireann tús leis an géarchéim a thosaíonn an Chéad Chogadh Domhanda.
Iúil – Teacht i dTír na nGunnaí i mBinn Éadair
Idir an 3 Iúil agus an 26 Iúil, seoltar an tAscar ón mBreatain Bheag chun na hairm a cheannaigh Childers agus Figgis a bhailiú. Tagann siad i dtír i mBinn Éadair.
Déanann trúpaí an Rialtais iarracht na hairm a ghabháil ach ní éiríonn leo. Níos déanaí an lá sin maraítear triúr sibhialtach in achrann idir trúpaí an rialtais agus slua a bhí tar éis bailiú le chéile ar Shiúlán Bhaitsiléir.
Iúil – Comhdháil Phálás Buckingham
Idir an 21 Iúil agus an 24 Iúil, reáchtáiltear Comhdháil Phálás Buckingham; Ní thagann ionadaithe Aontachtacha agus Náisiúnacha ar chomhaontú.
Iúil & Lúnasa - Fógraítear an Cogadh
Ar an 28 Iúil, fógraíonn an Ostair agus an Ungáir cogadh ar an Seirbia.
Faoin 4 Lúnasa, tá an Bhreatain tar éis cogadh a fhógairt ar an nGearmáin. Spreagann sé seo Príomh-Aire na Breataine reachtaíocht a dhréachtú chun tús leis an Rialtas Dúchais a chur siar.
Meán Fómhair – An Bille Rialtais Dhúchais
Ar an 18 Meán Fómhair, faigheann an Bille Rialtais Dhúchais Aontú an Rí. Ach, cuirtear siar tús an Rialtais Dhúchais le bille eile, an tAcht Fionraíoch, a bhaineann an bhagairt maidir le cogadh cathartha in Éirinn.
Déantar an tAcht Fionraíoch a athnuachan don chuid eile den chogadh. Ar deireadh, cuirtear an Bille ar ceal tríd an Acht um Rialtas na hÉireann a thabhairt isteach i 1920.